
Déan athchóiriú ar d’áitreabh Folamh nó Tréigthe leis na scéimeanna deontais atá ar fáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Beidh tráthnóna eolais ar bun ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun comhairle a thabhairt agus cur síos a dhéanamh ar na scéimeanna deontais atá ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar Áitribh Fholmha agus Thréigthe.
Buail isteach agus faigh tuilleadh eolais ar na tacaíochtaí seo a leanas - níl ort áit a chur in áirithe:
An Scéim Deontais Athchóiriúcháin d’Áitreabh Folamh
Tá deontais ó €50,000 go €70,000 ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar áitribh fholmha agus thréigthe.
Tá tithe atá folamh le dhá bhliain nó níos mó, a bheidh ina phríomháit chónaithe ag an úinéir nó a chuirfear ar fáil ar cíos, incháilithe don scéim seo.
Scéim Deisiúcháin agus Léasa.
Tá tacaíocht airgeadais €80,000 in aghaidh an aonaid ar fáil chun tithe folmha a chur in úsáid arís do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh tithíocht shóisialta i gceantair ina bhfuil an cineál sin tithíochta ag teastáil.
Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ÚFIÉ
D’fhéadfadh úinéirí tí atá incháilithe do thacaíocht tríd an Scéim Deontais Athchóiriúcháin d’Áitreabh Folamh (Ciste Croí Cónaithe) a bheith incháilithe do thacaíochtaí deontais uasghrádaithe fuinnimh don áras cónaithe trí ÚFIÉ.
An bhfuil Áitreabh Folamh nó Tréigthe agat nó an bhfuil tú ag ceannach ceann?
Buail isteach chuig an Harbour Hotel an 26 Bealtaine idir 5 - 7pm chun eolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil a chuideoidh leat le costais athchóirithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt le do thoil ar www.galwaycity.ie