Tugann an Scéim Tithíochta Inacmhainne deis ar deireadh do dhaoine den lucht gairme i nGaillimh agus na heochracha anois acu d’árais i scéim forbraíochta nuathógtha

Image

 

Is ríchrua an cás maidir le cúrsaí tithíochta in Éirinn agus tá ganntanas mór ann maidir le háitribh ar díol agus níos lú arís maidir le háras a mbeadh ar acmhainn dhaoine é a cheannach. Mar a chéile le cuid mhór áiteanna eile ar fud na tíre, is rídheacair beart a dhéanamh ar mhargadh tithíochta na Gaillimhe, agus tá ardú ar na rátaí cíosa ag cur brú mór airgid ar thionóntaí. Téann de dhaoine óga atá ag tosú amach ar shaol gairme áras cónaithe a cheannach, bídís á thriáil astu féin nó le páirtnéir, agus is cosúil gur chun donachta atá an cás ag dul seachas maolú ar bith a theacht ar an ngéarchéim.

Ainneoin a chrua atá an cás faoi láthair, tá ábhar dóchais ann ar deireadh thiar d’úinéirí ocht gcinn d’árais nua i gcathair na Gaillimhe. “Is minic a rith liom nach móide go n-éireodh liom áras ar bith a cheannach go brách,” a admhaíonn Leah Loughrey atá 33 bliana d’aois.

I gcathair na Gaillimhe a rugadh agus a tógadh Leah a oibríonn maidir le seirbhísí airgeadais agus atá le ceithre bliana anuas ag déanamh a seacht ndícheall áitreabh a cheannach. Ós iarratasóir neamhphósta í ag cur isteach ar mhorgáiste, in aghaidh srutha a bhí sí ag snámh. Nuair a chuala sí go raibh faoi Chomhairle Cathrach na Gaillimh an Scéim Tithíochta Inacmhainne a thabhairt i bhfeidhm, thosaigh sí ag fiosrú cén deis a thabharfadh seo di féin.

“Níor thuig mé tada faoi dáiríre,” a deir sí, “ná a dtiocfadh i gceist leis. Chuala mé faoi scéim forbraíochta den chéad uair sa bhliain 2024 a tháinig faoi údarás áitiúil eile agus rinne mé cuid mhaith fiosrúcháin faoi, ach ní hé a bhí i ndán.”

Ní briseadh croí a bhí ansin do Leah. Tá a saol uilig caite sa chathair aici agus b’fhearr léi dáiríre áit a cheannach níos gaire don bhaile. “B’iontach an cleachtadh cur isteach ar an gcéad scéim forbraíochta sin, thug sé deis dom an modh oibre a bhaineann leis an tairseach ar líne a fhoghlaim agus a mbaineann leis an bpróiseas iarratais. Nuair a d’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeadh an Scéim i bhfeidhm maidir le Garraí na Sailí i mbliana, bhí gach rud réidh agam, leagtha amach ar an ríomhaire, agus chomh luath agus a osclaíodh an tairseach ar an lá a bhí ceaptha, bhí mise dírithe go hiomlán ag an uile rud a chur faoi bhráid chomh luath agus ab fhéidir.”

Coicís dár gcionn, tháinig deimhniú chuig Leah gur éirigh leis an iarratas a rinne sí ar áras dhá sheomra codlata. “Bhí m’intinn socraithe go daingean agam agus mé ag síor-rá liom féin go dtarlódh sé agus an lá ar glaodh orm, ba é fíorú na haislinge agam é. I gcás iarratasóirí neamhphósta, is beag rogha ar fáil seachas an Scéim Tithíochta Inacmhainne. Ní léir domsa bealach ina gceannódh duine amháin teach i gCathair na Gaillimhe murach an Scéim,” a mhínigh sí.

Scéim tithíochta de chuid Burkeway Homes é Garraí na Sailí atá ar Bhóthar Leitriúch agus cuireadh ocht gcinn d’árais nuathógtha ar díol i mbliana i gcomhar páirtnéireachta le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Cuireadh ceithre cinn d’árais dhá urlár dhá sheomra codlata agus ceithre cinn d’árais dhá urlár trí sheomra codlata ar fáil faoi shocruithe maidir le tithíocht inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.

Faoin Scéim, ceannaítear na hárais ar phraghas iomlán an mhargaidh ach le céatadán den chostas á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a choinníonn sciar den chothromas maidir leis an áitreabh. Síníonn an ceannaitheoir Comhaontú Ceannacháin maidir le hÁras Cónaithe Inacmhainne le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus is féidir leis an úinéir sciar cothromais na Comhairle a cheannach, i bpáirt nó go hiomlán, tráth ar mian leis an úinéir sin a dhéanamh. Níl aon chead ag an gComhairle, go ceann tréimhse 40 bliain, féachaint leis an gcothromas san áras cónaithe inacmhainne a réadú, mura dtarlaíonn an comhaontú a shárú.

Tá Róisín Connolly (33) agus Stephen Doherty (35) freisin tar éis athrú isteach ina n-áras nua cónaithe i nGarraí na Sailí ó d’éirigh lena n-iarratas faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne. D’éirigh leis an lánúin, atá trí bliana go leith pósta, ceann de na hárais dhá urlár trí sheomra codlata a fháil. Tá post seasta buan ag gach aon duine den bheirt – Róisín sa tSaotharlann Bithcheimice in Ospidéal na hOllscoile agus Stephen le Merit Medical – ach bhí imní ag teacht orthu nach n-éireodh leo go deo áit dá gcuid féin a bheith acu.

“Bhíomar tinn tuirseach de chónaí in áit ar cíos agus bhí muid ag féachaint le teach a cheannach le ar a laghad trí bliana. Ní fhéadfá foighne a bheith agat leis! Bheadh tairiscintí á gcur isteach againn ar áit agus beagán misnigh ag teacht chugainn agus an chéad rud eile d’ardódh an praghas go hard na spéire in imeacht lá agus oíche. Bhí uair amháin agus muid ag breathnú ar áiteanna nua-thógtha agus ní raibh ann ach cúig cinn ar mhargadh na Gaillimhe uilig. Bhrisfeadh sé do chroí,” a deir Róisín.

Mar a chéile le Leah, is le húdarás áitiúil eile a thug Róisín agus Stephen scéim forbraíochta faoi deara. “Bhí iarratas istigh againn ach ní raibh tuiscint iontach againn ar an rud a bhí ar bun againn ná ar an méid a bhí i gceist. Is iontach an cúnamh a bhí ón tráthnóna eolais agus is furasta bealach a dhéanamh timpeall ar láithreán gréasáin na Comhairle Cathrach agus gach eolas is gá a fháil ansin. Níor éirigh linn an uair sin cé go raibh iarratas istigh againn ar an scéim forbraíochta eile siúd. Nuair a tháinig scéim Gharraí na Sailí chun cinn, bhí fios ár ngnó againn i bhfad níos fearr, rudaí foghlamtha againn ón gcéad iarraidh,” ar Róisín.

An lá a raibh an t-iarratas le bheith istigh, thóg Róisín lá dá cuid saoire bhliantúil agus bhí gach rud réidh mar ba cheart aici. “Bhí strus ag baint leis, ach bhí sé simplí. Bhí an uile ní sábháilte ar an ríomhaire pearsanta agam agus fios agam céard a bheadh ag teastáil. Níor chuala mé faic faoin Scéim roimhe seo ach is iontach an próiseas atá ann má tá gach rud curtha ina cheart roimh ré ag duine.”

Ní nach iontas, bhí an-éileamh go deo ar an scéim forbraíochta seo agus, ach gach rud a bheith in ord agus in eagar ag na hiarratasóirí, is leis an té is lúfaire méaracha a bheidh an lá. “Bhí gach uile chóir curtha ag lucht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe orainn, iad thar a bheith oibleagáideach, agus thuig mé go gcaithfinn an beart a dhéanamh go luath tráthúil nuair a thiocfadh an crú ar an tairne. Rinne mé an t-iomlán a uaslódáil agus a chur isteach chomh luath in Éirinn agus a bhí mé in ann, ach ansin féin, ní fhéadfadh duine a bheith cinnte go raibh leis,” a mhínigh Róisín.

Ar an 14 Márta – cothrom lá breithe Stephen mar a tharlaíonn – glaodh orthu lena chur in iúl dóibh go raibh an t-iarratas sin acusan ar cheann de na hocht gcinn ar éirigh leo. “Ní raibh bronntanas lá breithe chomh maith leis riamh,” a deir Róisín go gealgháireach.

Tá Catherine, bean ghairme 29 mbliana d’aois, ina húinéir anois ar cheann de na hárais dhá sheomra codlata i nGarraí na Sailí. Tá sí ag sábháil go cúramach ón mbliain 2018 i leith agus chuir sí roimpi áit dá cuid féin a bheith aici sula mbeadh sí 30 bliain d’aois. “Ní fada gur tuigeadh dom go mbeadh sé an-deacair áit a cheannach ag duine nach bhfuil pósta. Go deimhin, bhí banc amháin a dúirt ‘tar ar ais nuair atá páirtí agat’. D’airigh mise go raibh gach dícheall á dhéanamh acu bac a chur roimh duine neamhphósta cur isteach ar mhorgáiste. Níor chuir sin de mo bhuille mé, agus is fearr a caitheadh liom ag an gcéad bhanc eile ar labhair mé leo,” a luann sí.

Shocraigh Catherine i dtosach gur árasán is fearr a d’fheilfeadh í ag ceannach den chéad uair di, agus thosaigh sí ag déanamh tairiscintí. Má rinne, ba chosúil go raibh an margadh ag oibriú ina haghaidh. “Bheadh mo shúil agam ar árasán a raibh praghas €200,000 á lua leis agus ar iompú do bhoise, d’ardódh sin €80,000 agus tuilleadh. Bhí áiteanna áirithe agus mise ar an bpríomhdhuine a bhí ag cur tairiscintí isteach ar feadh roinnt seachtainí; an chéad rud eile, bhainfí an áit den mhargadh uilig. Ní raibh mé ag déanamh aon mhaith,” is cuimhin léi.

San áit a bhí ar cíos aici, ní thabharfadh an tiarna talún litir di ag dearbhú go raibh cíos na míosa á íoc aici ainneoin sin a dhéanamh go rialta tráthúil. “Bhí mo dhóthain airgid curtha de leataobh agam le morgáiste a fháil ach ní raibh an deimhniú breise sin agam faoi mo chuid caiteachais ar an gcíos, agus rinne sin an cás níos deacra,” a deir sí.

Nuair a thug Catherine faoi deara go raibh an Scéim Tithíochta Inacmhainne á fógairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, thosaigh sí ag fiosrú agus tar éis di freastal ar an Tráthnóna Eolais, bhí á thuiscint di go mb’fhéidir, ar deireadh thiar thall, go raibh réiteach na deacrachta aimsithe aici. Ar a chloisteáil di chomh tábhachtach agus a bheadh a cuid cáipéisí uilig a bheith in ord aici agus an t-iarratas a chur isteach go scafánta nuair a thiocfadh an t-am, shocraigh sí trí cinn de scáileáin ríomhaire san áit a bhí ar cíos aici agus dhírigh go hiomlán ar an gcúram.

“Níl a fhios cén strus a bhain le bheith ag cur tairiscintí isteach ar áiteanna agus eitíodh chomh minic sin mé go raibh misneach ionann is caillte agam. Cé gur mór an lear atá le déanamh go mbíonn gach ní in ord ag duine don iarratas faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne, tuigeadh dom gurb é an seans is fearr agam é le háit a cheannach ar deireadh thiar thall. Nuair a chuala mé gur éirigh le m’iarratas, b’iontach go deo an scéal agam é,” a admhaíonn sí.

Le hoiread dá cuid cairde sa chruachás céanna, bhí an-ríméad ar Catherine nuair a síneadh na heochracha dá háras dhá sheomra codlata chuici le gairid.  Tá sí ag moladh dá cuid cairde ar fad an bealach céanna seo a thriáil. Go deimhin, tá sí ag cuidiú le cara amháin dá cuid. “Tá mé ag dul ag ligean an dara seomra le cara liom. Ní hé amháin go gcuideoidh sin liom an morgáiste a íoc, beidh mé in ann admhálacha a thabhairt dise freisin ionas gur féidir léi a chruthú go bhfuil sí in acmhainn aisíocaíochtaí a dhéanamh agus áit dá cuid féin a fháil faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne tráth is faide anonn,” ar sí.

Is cinnte go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ar fud na tíre ag cur brú mór ar aon duine a bheadh ag súil le háras a cheannach den chéad uair, agus is amhlaidh an cás i nGaillimh. Níl amhras dá laghad ach gur rídheacair beart a dhéanamh ar an margadh tithíochta faoi láthair ach tá ocht gcinn d’árais nua i nGarraí na Sailí anois ag úinéirí nua agus beidh áit dá gcuid féin acu an Nollaig seo a bhuíochas de Scéim Tithíochta Inacmhainne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.