2027 Deontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí - Fáilte anois roimh Iarratais

Historic Thatched Buildings Grants 2027 graphic

 

Is féidir cur isteach anois ar 2027 Dheontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí – FSCT / SIOF (gné den Scéim Infheistíochta maidir leis an Oidhreacht Foirgníochta – SIOF) maidir le cistí deontais d’obair ar dhéanmhais incháilithe de na cineálacha a liostaítear thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh, agus an fhoirm iarratais, a íoslódáil thíos.

Déanmhais Inghlactha

Déanmhas stairiúil ar bith faoi cheann tuí, áras cónaithe nó áras tráchtála san áireamh. 

Oibreacha Inghlactha

Is í an phríomhobair incháilithe an obair tuíodóireachta ar an díon agus aon obair riachtanach eile is gá a dhéanamh i ndáil leis an obair sin, mar shampla caoi a chur ar shimléar. Breithneofar freisin oibreacha caomhnaithe eile ar mhaoine stairiúla tuí a thagann faoi na hOibreacha Cáilitheacha don Phríomhshrutha BHIS – féach an doiciméad ar leithligh ina liostaítear Oibreacha Cáilitheacha/Neamhcháilitheacha do Phríomhshrutha BHIS (íoslódáil thíos).

An Cistiú atá ar Fáil 

Braitheann an deontas uasta atá ar fáil ar chineál na n-oibreacha (suas le €20,000), agus is é 80% de chostas iomlán na n-oibreacha an t-uasmhéid. Ní ráthaítear suim shonrach maoinithe d’aon iarratasóir faoin scéim in aon bhliain ar leith.

Tabhair faoi deara go mbeidh an cistiú cuid mhaith faoi 80% in go leor cásanna.

 

Maidir leis an Deontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí – FSCT / SIOF

Is é atá de chuspóir leis an scéim an tairbhe oidhreachta atá le foirgnimh stairiúla ceann tuí ar fud na hÉireann a chosaint, árais chónaithe nó foirgnimh eile ina measc. Is gné an Deontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí den Scéim Infheistíochta maidir leis an Oidhreacht Foirgníochta – SIOF.

An Rannóg um Chaomhantas Ailtireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a riarann an FSCT/SIOT thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Iarratasóirí Inghlactha

Úinéirí agus áitritheoirí fhoirgnimh stairiúla ceann tuí, déantar tagairt d’alt 3.1 sa cháipéis treorach is féidir a íoslódáil thíos.

Iarratas a Ullmhú

Cuirtear an fhoirm iarratais agus ábhar treorach ar fáil thíos.

Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar a bhfuil sna cáipéisí seo.

Ní mór an cháipéisíocht uile a liostaítear thíos a bheith leis an iarratas:

  • Foirm Iarratais A Líonta Isteach go hIomlán
  • Ráiteas Cuimsitheach faoin Modh Oibre (déantar tagairt don ábhar treorach maidir leis an eolas is ceart a chur ar fáil i ráiteas faoin modh oibre)
  • Meastachán praghais don obair (ar pháipéar ceann-litreach ón díonadóir tuí)

Ní bheidh glacadh tar éis an dáta deiridh thíosluaite le hiarratas nach bhfuil líonta isteach mar is ceart.

Ní mór gach coinníoll faoin reachtaíocht a shásamh maidir le hoibreacha a dhéantar faoin FSCT / SIOF, coinníollacha maidir le cead pleanála san áireamh. Sa chás go mbeartaítear oibreacha a dhéanamh ar shuíomh/séadchomhartha atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, ní mór coinníollacha faoin reachtaíocht maidir le fógra a thabhairt nó toiliú an Aire a fháil i gcomhréir leis na hAchtanna sin a shásamh.

Más mian leat tuilleadh eolais, soiléiriú, treoir faoi iarratas a ullmhú a fháil nó deimhniú gur déanmhas cosanta an déanmhas atá i gceist le d’iarratas, gur déanmhas é atá beartaithe a chosaint nó go bhfuil sé in LCA, déan teagmháil le Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta Feidhmiúcháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar conservation@galwaycity.ie nó glaoigh ar 091 536400.

Iarratas a Chur Isteach

Ní mór iarratas, arna líonadh isteach go hiomlánchuig conservation@galwaycity.ie nó chuig an Deasc Pleanála i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe, H91 X4K8.

A chur isteach tráth nach deireanaí ná 4 i.n, Dé hAoine, 30 DEIREADH FÓMHAIR 2026 

An Tráthchlár maidir leis na hOibreacha a thabhairt chun críche

Cuirfear fógra faoi chistí a cheadú go sealadach chuig lucht na n-iarratas a n-éiríonn leo i mí Eanáir 2026 agus tá na hoibreacha le tabhairt chun críche faoi mhí 16 Deireadh Fómhair 2027. 

Cáipéisí Iarratais agus Treorach - Íoslódáil: