Tá a céad Oifigeach Rochtana ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an chéad uair riamh a bhfuil ról nua tiomnaithe inrochtana cruthaithe san eagraíocht. Is í Sarah Quilter Lee atá ceaptha sa bpost, agus beidh sí ag obair le ranna uile na Comhairle chun cúnamh a thabhairt i dtaobh rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí, ar fhoirgnimh, ar eolas agus ar spásanna poiblí na Comhairle do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta ar fud Chathair na Gaillimhe.
Beidh an tOifigeach Rochtana i gceannas ar Straitéis Inrochtaineachta agus Plean Gníomhaíochta um Dhearadh Uilíoch Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tacóidh an ról le hiniúchtaí rochtana a dhéanamh ar fhoirgnimh, ar shaoráidí agus ar spásanna poiblí na Comhairle; cuirfidh sí comhairle ar fhoirne na Comhairle maidir le cóiríocht réasúnta agus seachadadh seirbhísí inrochtana; agus oibreoidh sí le hailtirí, innealtóirí, pleanálaithe agus bainisteoirí tionscadal chun tacú leis an inrochtaineacht maidir le tionscadail chaipitil.
Cuirfear pointe comhordaithe tiomnaithe ar fáil leis an ról nuabhunaithe seo don obair inrochtaineachta ar fud na Comhairle. Beidh an tOifigeach Rochtana ag obair le grúpaí abhcóideachta míchumais, úsáideoirí seirbhísí agus eagraíochtaí pobail, agus cuirfidh sí cláir oiliúna agus feasachta inrochtaineachta ar fáil d’fhoireann na Comhairle. Tacóidh an ról freisin le cur i bhfeidhm Straitéis Aoisbhá Chathair agus Chontae na Gaillimhe 2026–2031 agus oibreoidh sí le Comhairle Daoine Scothaosta agus Comhaontas Aoisbhá Chathair na Gaillimhe.
Agus fáilte á cur aici roimh an gceapachán, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu:
“Ba cheart go mbeadh gach duine in ann páirt iomlán a ghlacadh i saol na cathrach agus rochtain a bheith acu ar sheirbhísí, ar shaoráidí, ar eolas agus ar spásanna poiblí na Comhairle le dínit agus le neamhspleáchas.
Is céim thábhachtach é ceapachán Oifigeach Rochtana tiomnaithe chun an inrochtaineacht agus an cuimsiú a neartú ar fud Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Cabhróidh an ról seo linn a chinntiú go mbeidh taithí saoil daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta ina bonn eolais faoin gcaoi a bhíonn muid ag pleanáil agus ag seachadadh ár gcuid seirbhísí.
Cuirim fáilte chroíúil roimh Sarah sa ról agus tá mé ag súil leis an toradh dearfach agus praiticiúil a bheidh ag an obair seo ar dhaoine ar fud Chathair na Gaillimhe a fheiceáil.”
Tá taithí mhór ag Sarah Quilter sa Teiripe Shaothair, agus beidh sé sin go mór chun leasa an phoist seo. Tá oibrithe aici ina teiripeoir saothair cliniciúil in ospidéil ghéarmhíochaine agus i suíomhanna cúraim phríomhúil araon. D’oibrigh sí freisin ina Bainisteoir Líonra Cúraim Pobail Feabhsaithe agus ina Bainisteoir Teiripe Saothair i gCeannas III san FSS i nGaillimh agus i nDeisceart Ros Comáin. Bhí sí ag obair le déanaí ina hollamh comhlach i dTeiripe Saothair in Ollscoil Luimnigh.
Ag labhairt di faoina ceapachán, dúirt Sarah Quilter Lee, Oifigeach Rochtana i gComhairle Cathrach na Gaillimhe,
“Tá áthas orm glacadh le ról an Oifigigh Rochtana le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Bíonn tionchar díreach ag cúrsaí inrochtaineachta ar neamhspleáchas, rannpháirtíocht agus taithí laethúil daoine sa gcathair. Beidh mé ag díriú ar bheith ag obair i gcomhar le daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, eagraíochtaí pobail agus abhcóideachta, foireann na Comhairle agus páirtithe leasmhara eile chun na rudaí a chuireann bac orthu a aithint agus bealaí praiticiúla chun feabhais a fhorbairt.
Téann an dearadh uilíoch chun tairbhe do gach duine. Tríd an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh ón tús, is féidir linn seirbhísí, eolas, foirgnimh agus spásanna poiblí a chur ar fáil a bhfuil sé níos éasca ag níos mó daoine iad a thuiscint, a rochtain agus a úsáid.
Tá mé ag súil go mór a bheith ag cur leis an obair atá ar bun cheana féin ar fud na Comhairle agus le bheith ag cuidiú le cur chuige comhsheasmhach, uile-eagraíochta a chruthú i leith na hinrochtaineachta agus an chuimsithe.”
Is cuid de chur chuige leanúnach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe í an obair seo i leith na hinrochtaineachta agus an chuimsithe. Beidh an tOifigeach Rochtana ag obair le daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, eagraíochtaí pobail agus abhcóideachta, agus foirne ar fud na Comhairle chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais inrochtaineachta agus chun deiseanna le haghaidh feabhsuithe praiticiúla a fhiosrú.
Moltar don phobal agus d’eagraíochtaí pobail ar mhaith leo cás a dhéanamh a bhaineann le cúrsaí inrochtaineachta nó aiseolas a thabhairt teagmháil a dhéanamh le hIonad Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trí ríomhphost a sheoladh chuig CustomerService@galwaycity.ie nó glaoch ar an uimhir 091 536400.