Tá láithreacha nua á bhfiosrú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do chuibhrinn agus do ghairdíní pobail ar fud na cathrach – agus ba bhreá linn cloisteáil uait. Tugann Cuibhrinn agus Gairdíní Pobail deis do dhaoine bia a fhás i bpobail i gcomhar le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu.
Faoi láthair tá sé ghairdín pobail agus 77 ceapach chuibhrinn i gCathair na Gaillimhe – agus anois táthar ag iarraidh ar áitritheoirí láithreacha nua a d’fhéadfaí a fhorbairt a mholadh.
Roinn d’aiseolas linn faoin 5pm Dé Luain an 2 Márta 2026:
-
nó trí shuirbhéanna priontáilte - atá le fáil ó leabharlanna na cathrach (an Taobh Thiar, Cathair na Gaillimhe nó an Baile Bán; Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste nó trí ghlaoch a chur ar (091) 536 400.
Dúirt Lisa Smyth, Oifigeach Feidhmeannach Sinsearach Páirceanna agus Tírdhreacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is beartas de Phlean Forbartha na Cathrach an líon Cuibhrinn agus Gairdíní Pobail a mhéadú – is taitneamhachtaí iontacha atá iontu i gceantar uirbeach, a thugann an deis do dhaoine a gcuid bia féin a fhás, tacú leis an mbithéagsúlacht agus a bheith amuigh faoin aer ina bpobal féin. Baineann go leor buntáistí sláinte le do chuid bia féin a fhás i gcomhar le do phobal áitiúil, seachas an bia úr a ithe, tá go leor buntáistí sóisialta agus meabhairshláinte i gceist freisin. Táimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine muid a chur ar an eolas faoi áiteanna sa chathair a dtaitneodh leo níos mó de na ceapacha seo a bheith iontu, ionas gur féidir leo baint a bheith acu lena gcuid bia féin a fhás go háitiúil.
Faoi láthair cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe 77 ceapach chuibhrinn ar fáil ag dhá láthair: Seantalamh (Lár na Cathrach) le 33 ceapach bunaithe ó 2012; agus Coillte Mhuirlinne i nDabhach Uisce (ar an Taobh Thoir den Chathair) áit a bhfuil 44 ceapach bunaithe ó 2013.
Tá líon Gairdíní Pobail ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair ag:
-
Baile an Phoill - féach https://gcp.ie/ (Galway City Partnership)
-
An Baile Bán - féach https://gcp.ie/ (Galway City Partnership)
-
Coillte Mhuirlinne – féach www.facebook.com/merlinwoodscommunitygarden/
-
An Taobh Thiar – féach https://gcp.ie/ (Galway City Partnership)
-
Bóthar na Trá – féach www.facebook.com/salthillcommunitygarden/
-
Bailte an Locháin – féach www.facebook.com/p/Ballybane-Community-Organic-Garden-100064632313922/
Iarrtar ar áitritheoirí láithreacha nua a mholadh ina bhféadfaí cuibhrinn nó gairdíní pobail a fhorbairt – laistigh dá bpobal áitiúil – faoin 5pm Dé Luain an 2 Márta 2026.
Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le Comhairle Cathrach na Gaillimhe oibriú le grúpaí leasmhara ar mhaithe le láithreacha oiriúnacha a aithint, agus le treoir a chur ar fáil chun gairdíní agus cuibhrinn nua a shocrú suas.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh go dtí www.GalwayCity.ie/Allotments agus www.GalwayCity.ie/CommunityGardens