- Gaillimh agus Seattle ag ceiliúradh 40 bliain den Nascadh
Cuireadh fáilte roimh Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard i Seattle, Washington, an tseachtain seo mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig agus dhá scór bliain de chaidreamh Nasctha Cathrach Gaillimh-Seattle. Cé gur ceiliúradh speisialta a bhíonn i Lá Fhéile Pádraig do phobail Éireannacha ar fud na cruinne, thug ceiliúradh na bliana seo in Seattle aitheantas do dhá scór bliain de mhalartú dearfach polaitiúil, cultúir, oideachais agus eacnamaíoch idir an dá chathair. Cuireadh tús foirmiúil leis an gceangal Cathracha Nasctha idir Gaillimh agus Seattle in 1986.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, “Bhí difríochtaí go leor idir Gaillimh agus Seattle dhá scór bliain ó shin. Ní raibh Éire ach ag tosú ar í féin a oscailt don domhan mór agus bhí Seattle ar tí a bheith ina mhol domhanda sa teicneolaíocht, eitleoireacht agus cultúr mar atá i gcónaí sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, fiú ag an am sin, d’aithin ceannairí ar chaon taobh den Atlantach splanc ina chéile de spiorad, cruthaíocht agus uaillmhian chomhroinnte. Tá an dá chathair múnlaithe ag an bhfarraige - Gaillimh suite os cionn an Aigéin Atlantaigh agus Seattle ag breathnú amach ar an Aigéan Ciúin- ag oscailteacht agus ag fiosracht agus an tuairim nach bac atá i mbun na spéire ach cuireadh. Ní haon iontas gurb é an muintearas an rud is mó a chuaigh i gcion orm nuair a shroich mé an áit den chéad uair. Is geall le col ceathar de chuid na Gaillimhe é Seattle agus a chuid fuinnimh, cruthaitheacht, grá don cheol, don chultúr agus don phobal. Tá fás agus forbairt tagtha ar an dá chathair le chéile ar bhealaí ar leith. Tá an turasóireacht, an t-oideachas agus an cultúr nasctha le chéile ar bhealach a chruthaíonn dhá chathair atá forásach, muiníneach agus bródúil as a n-oidhreacht. An rud atá seasmhach agus a ndéanann muid ceiliúradh air inniu ná an tuairim go bhfuil tábhacht le caidrimh idirnáisiúnta. Gur féidir le cathracha foghlaim óna chéile. An nasc sin ó dhuine go duine atá ina dhúsraith don tsíocháin, don rathúnas agus don saibhreas cultúir.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimh, “Agus muid ag comóradh 40 bliain de Ghaillimh agus Seattle ina gCathracha Nasctha, tá muid ag breathnú chun cinn freisin. Tá suáilcí ag Gaillimh agus Seattle araon sa teicneolaíocht, sna healaíona, sa mhuireolaíocht, oideachas agus turasóireacht. Tá an cion céanna againn ar fhéilte, ar nuálaíocht agus ar phobal. Agus creideann muid araon gurb é an bealach is fearr chun ómós a léiriú don stair ná todhchaí níos láidre fós a fhorbairt. Ó chladaí Chuan na Gaillimhe go huiscí Sunda Puget, go leantar den nasc rathúil eadrainn.
Mar chuid dá chuairt, Dé hAoine an 13 Márta sa sneachta, d’fhreastail Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, ball de Chomhairle Cathrach Seattle, Bob Kettle, Ceann Feadhna Mhórshiúl na Féile Pádraig 2026; Leas-Chonsal Ginearálta, Naoise Kenny, Consal Ginearálta na hÉireann, San Francisco; agus toscaireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar shearmanas ag Pier 69 chun bratacha na hÉireann agus na Stát Aontaithe a ardú in ómós do Lá Fhéile Pádraig
Bhí an Méara Cubbard páirteach freisin in imeacht ag an Irish Heritage Club ‘Laying of the Green Stripe’, nuair a leagtar stríoca geal uaine péinte ar fhad an bhealaigh a bheidh ag Paráid Féile Pádraig Seattle.
Chas an toscaireacht freisin le Méara Seattle Katie Wilson; an Leas-Phropast do Ghnóthaí Domhanda in Ollscoil Washington, Ahmas M. Ezzedine; comhlachtaí nua-bhunaithe Maritime Blue, comhghuaillíocht straitéiseach atá dírithe ar bhorradh a chur le nuálaíocht sa Blue Economy; ionad Matt Talbot, ionad cóireála do dhaoine atá ag teacht chucu féin ó mhí-úsáid substaintí, deacrachtaí meabhairshláinte agus a bheith gan dídean; gnólachtaí ag ócáid Fiontar Éireann in Seattle/Irish Network Seattle; ionadaithe ó Amazon in The Spheres; agus thug iad cuairt ar Seattle Fish Market.
Tharla cuairt Chathair na Gaillimhe ar Seattle ag an am céanna a raibh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD ar chuairt in Seattle, San Francisco agus Sacramento le haird a tharraingt ar áit na hÉireann sa domhan ina heacnamaíocht bheag, oscailte, trádála.