An Chéad Chruinniú Reachtúil idir Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, Ionadaithe Tofa agus Comhaltaí den Oireachtas á Thionóil

safety partnership members posing for photo at university of galway

Thionóil Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CSPÁ) a céad chruinniú reachtúil le hionadaithe tofa áitiúla agus le comhaltaí den Oireachtas Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026 san Aula Maxima in Ollscoil na Gaillimhe. Tionóladh an cruinniú i gcomhréir le forálacha an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024 agus d'fhreastail baill den Chomhpháirtíocht, ionadaithe poiblí, eagraíochtaí pobail, gníomhaireachtaí reachtúla agus príomhpháirtithe leasmhara air chun cúrsaí nár mhór tús áite a thabhairt dóibh a phlé chun sábháilteacht agus folláine a fheabhsú ar fud Chathair na Gaillimhe.

Arna óstáil ag Ollscoil na Gaillimhe, ba é an tOllamh David Burn, Uachtarán na hOllscoile, a chuir tús leis an gcruinniú, agus tharraing sé aird ar thiomantas na hinstitiúide do rannpháirtíocht an phobail, do thaighde agus do chomhoibriú. Insíodh do na baill freisin faoi obair na hOllscoile i réimse na sábháilteachta pobail, agus rinne an Dr Charles O'Mahony cur i láthair ar an Tionscadal Taighde LIFT, trína scrúdaítear an taithí atá ag daoine atá faoi mhíchumas a mbítear ag baint mí-úsáid spriocdhírithe astu, mí-úsáid ar a dtugtar Mate Crime.

Thug an cruinniú deis do bhaill den Chomhpháirtíocht, d'ionadaithe tofa agus do chomhaltaí den Oireachtas faisnéis a roinnt ar shaincheisteanna sábháilteachta pobail atá ag teacht chun cinn agus ar an obair atá á déanamh ar fud na cathrach chun dul i ngleic leo. Tugadh an t-eolas is deireanaí maidir le teacht aniar an phobail, foréigean baile, gnéis agus inscnebhunaithe a chosc, rannpháirtíocht na n-óg, tionscnaimh chuimsithe, sábháilteacht uisce, tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil cúrsaí andúile ag cur isteach orthu, cláir um aosú sláintiúil agus forbairt leanúnach chéad Phlean Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe.

Is tionscnamh i gcomhar é CSPÁ Chathair na Gaillimhe trína dtugtar ionadaithe pobail, comhairleoirí áitiúla, gníomhaireachtaí reachtúla agus an earnáil phobail agus dheonach le chéile chun sábháilteacht agus folláine a fheabhsú ar fud na cathrach. Trí obair chomhpháirtíochta, rannpháirtíocht an phobail agus cinnteoireacht fhianaisebhunaithe, féachann CSPÁ Chathair na Gaillimhe leis na hábhair imní atá ag daoine áitiúla a shainaithint, freagairtí a chomhordú agus a chinntiú go mbeidh guth fiúntach ag pobail maidir le comharsanachtaí níos sábháilte a mhúnlú.

Chuir Cathaoirleach na Comhpháirtíochta, an Comhairleoir Niall McNelis, fáilte roimh an gcruinniú agus roimh an deis thábhachtach a chuir sé ar fáil an comhoibriú idir earnálacha éagsúla a neartú.

"Is ócáid thábhachtach an cruinniú seo do Chathair na Gaillimhe. Cuirtear deis thábhachtach ar fáil leis an gcruinniú an caidreamh idir ionadaithe tofa, eagraíochtaí pobail, gníomhaireachtaí reachtúla agus baill den Chomhpháirtíocht a neartú tuilleadh. Trí bheith ag obair le chéile agus trí bheith ag éisteacht le taithí phobail na cathrach, beidh muid ábalta réitigh phraiticiúla a fhorbairt a chuireann feabhas ar shábháilteacht, ar fholláine agus ar chaighdeán na beatha ar fud Chathair na Gaillimhe. Bunaíodh CSPÁ Chathair na Gaillimhe chun a chinntiú go dtugtar cluas éisteachta do phobail agus go n-oibríonn muid le chéile chun athrú dearfach a bhaint amach.”

Príomhfhócas an chruinnithe ba ea forbairt leanúnach chéad Phlean Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe. Fuair na baill an t-eolas is déanaí maidir leis an gclár fairsing comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl ar fud na cathrach, lena n-áirítear sé imeacht comhairliúcháin phoiblí, obair leanúnach suirbhéireachta agus pleananna do ghrúpaí fócais spriocdhírithe. Cuideoidh an t-aiseolas a fuarthas le tosaíochtaí, cuspóirí agus gníomhaíochtaí áitiúla a mhúnlú a threoróidh obair na Comhpháirtíochta sna blianta amach romhainn.

Leag ionadaithe ó eagraíochtaí comhpháirtíochta béim freisin ar raon tionscnamh atá ar siúl faoi láthair chun tacú le pobail níos sábháilte agus níos láidre, lena n-áirítear cláir atá dírithe ar aird a tharraingt ar fhoréigean teaghlaigh, gnéis agus inscnebhunaithe agus iad a chosc, forbairt na n-óg, frithchiníochas, sábháilteacht uisce, faoiseamh ón andúil, teacht aniar an phobail agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí leochaileacha.

Tarraingíodh ard ag an gcruinniú freisin ar chruinniú poiblí reachtúil CSPÁ Chathair na Gaillimhe atá ar na bacáin, a bheidh ar siúl an 25 Samhain 2026 i Staid Dexcom. Beidh deis ag an bpobal teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gComhpháirtíocht, níos mó a fhoghlaim faoin obair a dhéanann sí agus saincheisteanna a ardú faoi chúrsaí a théann i bhfeidhm ar shábháilteacht agus ar fholláine an phobail ina gceantair áitiúla.

Tá céad Phlean Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe á fhorbairt ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe faoi láthair, plean ina leagfar amach fís, tosaíochtaí agus gníomhartha comhroinnte chun sábháilteacht agus folláine an phobail a fheabhsú. Beidh an Plean bunaithe ar shonraí áitiúla, ar chomhairliúchán pobail agus ar shaineolas comhchoiteann na gcomhpháirtithe atá ag obair ar fud na cathrach.

Déan teagmháil le CommunitySafety@GalwayCity.ie le tuilleadh eolais a fháil.