Toghadh an Comhairleoir Helen Ogbu ina Méara ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Cruinniú Cinn Bliana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i Halla na Cathrach Dé hAoine an 19 Meitheamh 2026, agus í ar an 72ú duine an onóir, Príomh-Shaoránach Chathair na Gaillimhe, a bheith aici.
Toghadh Josie Forde ina Leas-Mhéara.
Is é an Cruinniú Cinn Bliana sin an tríú ceann i dtéarma cúig bliana na comhairle, ó bhí na toghcháin áitiúla ann sa bhliain 2024.
Maidir lena toghadh, dúirt an Clr Helen Ogbu; “Lá stairiúil é an lá inniu go cinnte.
Tá sé de phribhléid agam a bheith ar an gcéad inimirceach atá ina Mhéara ar Chathair na Gaillimhe.
Cé go dtuigim an tábhacht atá leis sin, ní éacht domsa go pearsanta é ach is léiriú ar Ghaillimh é, cathair anois arb í an baile í domsa. Díreoidh mé ar thrí phríomhthéama le linn mo thréimhse i mo Mhéara, trí théama atá fíorthábhachtach dom féin. Muintearas, Daoine Óga agus Pobal ”
Tiocfaidh Clr Helen Ogbu i gcomharbacht ar an gClr Mike Cubbard ina Méara agus tiocfaidh an Clr Josie Forde in ionad an Chomhairleora Alan Cheevers ina Leas-Mhéara.
I measc na ndaoine a bhí ina Méara ar Chathair na Gaillimhe roimhe seo tá Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an t-iarUachtarán, Michael D. Higgins agus an tAire Stáit Hildegarde Naughton TD.