Tá An Gairdín Síorghrá, gairdín cuimhneacháin nua i bPáirc na gCúig Chéad, i mBóthar na Trá oscailte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a d’fhulaing breith anabaí, bás naíonáin agus bás páiste.
Cuirtear spás síochánta machnamhach ar fáil sa ngairdín le bheith ag cuimhneamh ar na leanaí, chun sólás a fháil agus chun leigheas éigin a fháil ar an bpian a thagann leis an mbás. Cruthaíodh an gairdín chun ómós a thabhairt do na naíonáin a cailleadh agus chun aitheantas a thabhairt do na heispéiris éagsúla a bhaineann leis an mbrón agus leis an mbás a bhíonn le sárú ag daoine aonair agus ag teaghlaigh nuair a chailleann siad leanbh.
Bhíothas ábalta tabhairt faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an Ghairdín Síorghrá a bhuíochas do chomhpháirtíocht idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins agus roinnt eagraíochtaí náisiúnta a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine atá faoi scamall an bhróin. D’oibrigh an Chomhairle go dlúth le Féileacáin (Tacaíocht do Mharbh-Bhreith agus Bás Naíonán Nuabheirthe Éireann; FirstLight, LMC Bereavement Support, A Little Lifetime Foundation, agus Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann chun a chinntiú go mbeadh spás ionchuimsitheach agus íogair ann chun na leanaí a thabhairt chun cuimhne.
Bhí ról lárnach ag an saineolas, ag an treoir agus ag an taithí phearsanta a roinn na grúpaí tacaíochta do dhaoine atá faoi bhrón maidir le dearadh an ghairdín, an ghné ionchuimsitheachta agus na heilimintí siombalacha a tugadh isteach sa spás.
Ag labhairt di ag an searmanas nochta, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu: “Is spás álainn é seo, ach ní mór dúinn cuimhneamh freisin ar an gcúis ar cruthaíodh é: is é sin chun áit chomórtha agus mhachnaimh a chur ar fáil do theaghlaigh a chaill páiste le linn toirchis nó a d’fhulaing breith anabaí, marbh-bhreith nó bás linbh nuabheirthe.
I gcás go leor teaghlach, is féidir leis an mbrón seo a bheith an-trom agus dofheicthe in amanna.” Inniu, tá Gaillimh ag rá go soiléir: goilleann bhur gcaillteanas orainn, cuimhnítear ar do leanbh, agus tá áit anseo do do bhrón. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Chomhairleoir Clodagh Higgins, ar chuidigh an ionadaíocht a rinne sí thar ceann na dteaghlach an tionscadal seo a thabhairt chun cinn, agus do rannóg Saoráidí Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as an tionscadal a thabhairt chun cinn agus cúram den scoth a léiriú.
Thar aon rud eile, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na cúig eagraíocht náisiúnta tacaíochta atá ann do dhaoine atá faoi bhrón a bhí páirteach i múnlú an ghairdín seo. Chinntigh a dtaithí agus a dtuiscint go raibh teaghlaigh atá faoi bhrón i gcroílár fhorbairt an ghairdín seo. Táim thar a bheith corraithe ag an ainm An Gairdín Síorghrá. Mar ní thagann deireadh leis an grá leis an mbás.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary: "Is iontach an áis é an Gairdín Síorghrá don chathair, áit fhiúntach chomhbhách. Leis an ngairdín cuimhneacháin álainn seo, beidh áit ag na teaghlaigh atá faoi bhrón le machnamh a dhéanamh, le cuimhneamh ar naíonáin nach bhfuil linn a thuilleadh, agus ómós a thabhairt dóibh. Tá mórtas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacú le cruthú an spáis ar leith seo a aithníonn an tionchar mór a bhíonn i gceist le leanbh a chailleadh le linn toirchis nó naíonáin a chailleadh, agus a thugann sólás dóibh siúd atá imithe tríd sin."
D’éirigh leis an gComhairleoir Clodagh Higgins maoiniú a fháil chun an gairdín a fhorbairt in 2024, mar fhreagra ar iarratais ó thoghthóirí faoin easpa áiteanna cuimhneacháin ar leith atá ar fáil.
Tá mórtas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacú leis na teaghlaigh, na tuismitheoirí agus na daoine muinteartha a bhfuil páiste caillte acu le linn toirchis nó bhfuil naíonán caillte acu, agus ómós a thabhairt dóibh. Is ionann an gairdín seo agus áit chun ómós a léiriú go buan do na naíonáin atá tugtha chun cuimhne ann, agus áit a chur ar fáil le haghaidh sóláis, tuisceana agus ceangail do gach uile dhuine a thugann cuairt air.