Anne Quinn, an Maor Scoile is Faide Seirbhíse i gCathair na Gaillimhe ag Ceiliúradh 50 Bliain sa bPost

Anne Quinn School Warden with Cllr Mike Cubbard, Mayor of the City of Galway

 

Ba é Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, a bhí i gceannas ar an gceiliúradh a reáchtáladh in onóir Anne Quinn, a bhí ag ceiliúradh caoga bliain seirbhíse ina maor scoile ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le gairid.

Tá Anne, arb í an Maor Scoile is faide seirbhíse í, lonnaithe ar an taobh thoir de Chathair na Gaillimhe agus tá sí ag treorú na n-úsáideoirí bóthair is leochailí atá againn ar a n-aistir leis na glúnta.

Bhí a cairde, a muintir agus a comhghleacaithe i dteannta Anne ag ócáid chun an tseirbhís mhór seo a cheiliúradh i Halla na Cathrach Déardaoin an 26 Feabhra 2026.

Is féidir scéalta Anne sa ról sin a chloisteáil ar an bpodchraoladh ‘Galway City – Your Council’ - ar féidir éisteacht leis cibé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí, nó téigh chuig www.GalwayCity.ie/Podcast.

Related news