‘Anois teacht an Earraigh, Beidh an lá ag dul chun síneadh...’

Daffodil in snow with lines of poem by Raifeartaí

 

‘Anois teacht an Earraigh, Beidh an lá ag dul chun síneadh...’

... léiríonn an líon beag focal seo ón dán mór le rá, Cill Aodáin le Raiftearaí an File dóchas agus athnuachan agus teacht an Earraigh ag déanamh go tréan orainn. Leis na cianta, shílfeá, bíonn daoine ag tagairt cheana féin den ‘fad breá atá ag teacht ar an tráthnóna,' agus muid ag druidim le tús an Earraigh Ghaelach.

Deirim Earrach Gaelach mar go dtosaíonn sé thart ar sé seachtaine roimh thús an Earraigh mar a tuigtear go forleathan in iarthar na hEorpa é, earrach meitéareolaíochta. Tá cúis neamhchasta leis an difríocht sin sa méid is go dtosaíonn an t-earrach gréine ag tús mí Feabhra cé go dtógann sé sé seachtaine ar an aimsir breith suas leis (nó téamh suas). Má tugtar le fios go bhfuil moill sé seachtaine eile i dteocht na farraige, tosaíonn earrach na farraige áitiúil chomh déanach le mí Bealtaine! Mar sin, ní Earrach 'Gaelach' ann féin atá anseo ach earrach na gréine. Ach tá An tEarrach Gréine fite fuaite sa nGaeilge toisc go bhfuil na míonna agus na séasúir a bhaineann leo greanta sa teanga.

Mar sin, má tá tús an Earraigh i mí Feabhra, is féidir linn lár an gheimhridh a rianú go Grianstad (Stad na Gréine).  Tharla Grianstad is déanaí os cionn chúige ársa na Mí ar an 21 Nollaig 2025 ag 8:52am suíomh Bhrú na Bóinne. 

Má bhíonn an lá cóiriúl, lonraíonn saghad solas na gréine díreach isteach tríd pasáiste i ndumhach Bhrú na Bóinne, rud a lasann an seomra istigh go geal ag an bpointe a tharlaíonn Grianstad. Siombail ar an saolú, an saol is an iarshaol agus tús nua breacadh le fad an lae. Tugann sé léargas iontach ar sofaisticiúlacht mhatamaiticiúil agus réalteolaíochta na sochaí in Éirinn os cionn 5,000 bliain ó shin.

Déantán infheicthe eile a thugann lionsa do lárnachas na gréine is ea an taobh amuigh de dumha Bhrú na Bóinne atá clúdaithe le Grianchloch, ar a dtugtar Cloch na Gréine, fiú sa nGaeilge an lae inniu.

Mar sin, an chéad uair eile a n-iartaí ort Earrach na hÉireann nó an tEarrach Gaelach a mhíniú, níl le déanamh agat ach an tuiscint níos ársa agus níos uilíocha ar na séasúir a chur in iúl: an domhan ag rothlú timpeall solas an lae seachas an t-atmaisféar (meitéareolaíocht). Go deimhin, le haimsir atá in ann a bheith fireann agus baineann ar an lá céanna anseo, meas tú an gcuireann na séasúir meitéareolaíocha amú muid scaití? 

Ach is suntasaí i bhfad gur nasc díreach é idir ár sinsear 5,000 bliain ó shin agus ár nua-Ghaeilge atá le feiceáil ar thuiscint chultúrtha nua-aimseartha na hÉireann – domhan a bhaineann le solas na gréine, dearcadh atá roinnte ar fud an domhain ársa agus comhaimseartha.

Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge

Eanáir 2026
 

Cill Aodáin (giorraithe) le Reaftaraí an File

Anois teacht an earraigh, beidh 'n lá dul chun síneadh
'S tar éis na Féil' Bríde, ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé 'mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.
I gClár Chlainne Mhuiris bheas mé an chéad oíche,
'S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíos' ann
I bhfogach dhá míle de Bhéal an Áth' Móir

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríonn an ghaoth nó mar scaipeann an ceo,
Nuair 'smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de,
Ar Sceathach a Mhíl' nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara 's sú craobh ann, is meas ar gach sórt,
'S dá mbeinn-se 'mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.
 

 

Related news