Beidh Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe ar ais i mí an Mheithimh agus seolfar an Chéad Chomórtas Amhránaíochta Riamh do Chóir

Choir singing

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil gradam buaite aige, ar ais sa chathair ar na dátaí nua seo - Dé Céadaoin an 24 Meitheamh go Dé Domhnaigh, an 28 Meitheamh 2026, cúig lá d’imeachtaí cruthaitheacha faoi stiúir an phobail a bheidh dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide, ar an inbhuanaitheacht agus ar athrú dearfach.

Is í Inspioráidí Aeráide - Pobail i nGnímh an chéad fhéile aeráide dá leithéid atá eagraithe ag údarás áitiúil in Éirinn. Arna chur i gcrích ag Foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don Ghníomhú ar son na hAeráide, déanfar athshamhlú ar ghníomhú ar son na haeráide le linn na féile seo trí chultúr, cruthaitheacht agus comhoibriú, ag baint leas as láidreachtaí na Gaillimhe, is iad sin ceol, amharclannaíocht, ealaín, Gaeilge, bia, agus rannpháirtíocht pobail.

Mar ghné nua i 2026, tabharfar isteach an chéad Chomórtas Amhránaíochta do Chóir riamh mar chuid den fhéile. Tabharfar cuireadh do 6 chór ar fud na Gaillimhe agus níos faide i gcéin a nglórtha a ardú don phláinéad Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh i bPáirc an Athar de Búrca.

Beidh an comórtas, ar cuid é de chlár na féile, oscailte do chóir de gach méid, aois agus stíl ceoil. Canfaidh na cóir a ghlacfaidh páirt dhá amhrán atá spreagtha ag gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht timpeallachta, agus tugtar ugach dóibh a bheith cruthaitheach agus a léirmhíniú féin a thabhairt.

Bronnfar duais €300 ar an gcór a thiocfaidh sa gcéad áit agus beidh duaiseanna ann freisin don dream a thiocfaidh sa dara háit.

Dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Nuair a thagann daoine le chéile chun rud éigin a chruthú lena nglórtha, déanann siad an t-athrú a spreagadh chomh maith. Tá níos mó ná ceol i gceist leis an gcomórtas seo, is faoi phobail a thabhairt le chéile atá sé chun dóchas, samhlaíocht agus gníomhaíocht comhchoiteann do thodhchaí níos inbhuanaithe a spreagadh.”

Chomh maith le comórtas na gcór, beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026 dírithe ar Pháirc an Athar de Búrca, agus beidh clár leathan de chainteanna aeráide, ceardlanna, ceol agus taibhléirithe beo, club manglaim aeráide, aonach grúpaí pobail, gníomhaíochtaí atá oiriúnach do theaghlaigh, melting pot-luck agus margadh earraí dara láimhe. Is iad na cainteoirí atá deimhnithe go dtí seo ná Harrison Gardner, láithreoir “Build Your Own Home” ar RTÉ, an tOllamh John Sweeney, an t-ailtire Roisin Murphy, an t-údar John Gibbons agus na ceoltóirí Sharon Shannon, Jiggy agus DJ Sally Cinnamon. Fógrófar clár iomlán na féile sna seachtainí amach romhainn.

Tacaíonn an Fhéile Inspioráidí Aeráide le cuspóirí Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chathair na Gaillimhe 2024-2029, agus tugadh aitheantas náisiúnta roimhe seo dó ag Gradam Fhéile na Bliana ag Gradaim Barr Feabhais Rialtais Áitiúil Chambers Ireland.

Tá cuireadh romhat do chóir a clárú anois do Chomórtas Amhránaíochta na gCór. Más mian le do ghrúpa páirt a ghlacadh sa gcomórtas, seol ríomhphost chuig Climate@GalwayCity.ie  faoi am scoir gnó, Dé hAoine, an 29 Bealtaine chugainn le hainm an ghrúpa agus do rogha dhá amhrán.

Níl ach 6 spota taibhléirithe ar fáil, agus moltar clárú go maith roimh ré.

Chun tuilleadh eolais a fháil nó do chór a chlárú, déan teagmháil le Climate@GalwayCity.ie