Céard is brí le Buiséad Rannpháirtíochta? €65k Abair Leat
Is próiseas daonlathach é an Buiséadú Rannpháirtíochta a thugann deis do phobail áitiúla cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a gcaitear cuid den airgead poiblí.
Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tionscadal nó tionscnamh ar fiú €65,000 é i gcrích in 2027, agus is é an pobal a roghnóidh é. Tabharfar cuireadh do chónaitheoirí agus do ghrúpaí pobail i gCeantar Toghcháin Áitiúil Chathair na Gaillimhe Láir a gcuid smaointe agus tograí a chur isteach. Tugann sé seo deis dóibh tionscadail a mholadh a rachaidh chun tairbhe dá gceantar agus dá bpobal.
Déanfar measúnú ar na tograí go léir a chuirfear isteach agus roghnófar gearrliosta díobh. Ansin, cuirfear na tograí sin faoi vóta poiblí chun an tionscadal buaiteach a roghnú.
Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Osclófar an córas iarratas ar líne ag 9.00am ar an 28 Meán Fómhair 2026, agus glacfar le tograí go dtí 4.00 i.n. ar an 30 Deireadh Fómhair 2026.
Chun togra a chur isteach, cliceáil anseo: https://submit.link/5ey.
Déanfaidh Comhairleoirí Cheantar Toghcháin Áitiúil Chathair na Gaillimhe Láir agus foireann na Comhairle na tograí a mheas bunaithe ar an tairbhe a d’fhéadfadh siad a thabhairt don phobal agus ar a n-indéantacht. Cuirfear na tograí a roghnófar ar an ngearrliosta faoi bhráid an phobail i vóta poiblí chun an tionscadal buacach a chinneadh. Beidh an vótáil ar siúl ar líne i mí na Samhna. Fógróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal buacach go luath in 2027.
Cén cineál tionscadail atá i gceist? Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag tograí feabhas a chur ar an gceantar áitiúil agus ar fholláine an phobail. D'fhéadfadh siad díriú ar spásanna poiblí, áiseanna áineasa, gníomhaíochtaí pobail, gníomhú ar son na haeráide, an bhithéagsúlacht, an comhshaol, forbairt na hóige, sábháilteacht an phobail, ionchuimsitheacht, inrochtaineacht nó bonneagar aoisbháúil.
📢 Seimineár Gréasáin Eolais Ar Líne
🗓️ Dáta: 29 Meán Fómhair
🕖 Am: 7:00 PM
📧 Chun clárú, seol ríomhphost chuig: development@gccn.ie
Má bhíonn aon cheist agat ar an ábhar seo déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail Deirdre Keaney Cunningham ar deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie nó ar 087 1465006
4.00 i.n Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar líne.