Ghlac Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe páirt i searmanas cuimhneacháin tochtmhar chun onóir a thabhairt d’fhir agus do mhná na hÉireann a bhásaigh i gcogaí nó a bhí ar dualgas Síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe, ag searmanas Chathair na Gaillimhe don Lá Náisiúnta Comórtha in Ollscoil na Gaillimhe Dé Domhnaigh an 12 Iúil 2026. Is é seo an 16ú huair a bhfuil an Searmanas Cuimhneacháin seo á reáchtáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus tionóladh é i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann agus Ollscoil na Gaillimhe.
Bhí comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann, eagraíochtaí iarsheirbhíse, ceannairí reiligiúnacha, ionadaithe pobail, neasghaolta na ndaoine a bhásaigh i gcogaí nó a bhí ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe, agus an pobal i láthair ag an Searmanas.
Cuireadh tús leis an Searmanas nuair a ghlac na hÓglaigh a suíomh, agus tháinig Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Stiúrthóir Forbartha Corparáidí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Helen Kilroy, Iar-Uachtarán na hÉireann, Micheal D Higgins agus a bhean chéile Sabina, Sean Kyne TD agus ionadaithe oifigiúla na dTraidisiún Creidimh isteach i mórshiúl.
Ailish Rohan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, a chuir tús leis an Searmanas agus thug sí cuireadh do gach duine cuimhneamh ar gach duine a bhásaigh i gcogaí nó a bhí ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe. Ansin, threoraigh An Moinsíneoir Fíor-Oirmhinneach Peter Rabbitte, an tUasal Obey Shanya Elders, Eaglais Aontaithe na Gaillimhe, Shelia Garrity, Ceiliúraí Daonnúil; an Ró-Oirmhinneach Lynda Peilow, Própast Thuama, agus Iman Ibrahim Micheál Noonan, Cumann Ioslamach na Gaillimhe, paidreacha ilchreidmheacha agus léachtaí comórtha.
Leag an Méara Ogbu bláthfhleasc ag plaic chomórtha in onóir dóibh siúd a fuair bás i gcogaí nó ar dualgas sa mbaile nó thar lear. Leag James Larkin, thar ceann Choiste Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir i nGaillimh, bláthfhleasc i gcuimhne ar fhir agus ar mhná na Gaillimhe a bhásaigh agus leag an tUasal John Coyle, Consal Oinigh na Beilge, bláthfhleasc freisin. Bhí nóiméad ciúnais ann ina dhiaidh sin.
D'ardaigh an Leifteanant Conor O’Brein an Bhratach Náisiúnta go crann leis na drumaí ag bualadh.
Chríochnaigh an Searmanas leis an Uasal Frank Naughton, aonréadaí, ag canadh leagan tochtmhar den amhrán náisiúnta, in éineacht le Banna Práis Naomh Pádraig faoi stiúir an Uasail Ken O’Connor.
Bhí searmanais eile den chineál seo ar siúl ar fud na tíre.