Cead faoi Chuid 8 faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh Oifig Nua Eolais Turasóireachta agus Saoráidí Poiblí ar an bhFaiche Mhór

Rendered model of new tourist office in Eyre Square

Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an gcead faoi phróiseas pleanála Chuid 8 chun ionad eolais turasóireachta agus saoráidí poiblí nua a fhorbairt ar an bhFaiche Mhór. Is garsprioc mhór é seo i dtreo thaithí an turasóra go Gaillimh agus an fearann poiblí a fheabhsú. Tá an tionscadal á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann.

Leis an bhforbairt cheadaithe seo, déanfar mol nua-aimseartha do chuairteoirí a bheidh deartha go hinbhuanaithe a chur in áit an bhoth turasóireachta agus na saoráidí leithris phoiblí atá ann cheana féin, lena n-áirítear:

  • Ionad Eolais nua do Thurasóirí
  • Saoráidí nua-aimseartha poiblí 
  • Saoráid ‘Changing Places’ a bheidh inrochtana go hiomlán
  • Spás taibhithe faoin aer do ghníomhaíochtaí cultúir agus buscaireacht
  • Tírdhreachú níos fearr agus feabhas ar an bhfearann poiblí
  • Tógáil ísealcharbóin, inbhuanaithe ag baint úsáid as ábhair Éireannacha agus cur chuige tógála modúlach

Cuirfidh an tsaoráid, a bheidh lonnaithe i gcroílár na Faiche Móire in aice le stáisiúin iarnróid agus bus na Gaillimhe, ionad fáilteach teachta agus treoshuímh ar fáil do chuairteoirí atá ag spaisteoireacht sa gcathair agus sa réigiún níos leithne.

Rinneadh an fhorbairt a dhearadh go cúramach chun go mbeadh sé ag teacht leis an tírdhreach atá ann cheana féin, ag coinneáil agus ag cosaint crainn aibí agus ag cruthú eispéireas tairsí tarraingteach agus inrochtana do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.

Cuireann sé seo le Tionscadal Catalaíoch 3 - Treoshuíomh Cinn Scríbe do Chuairteoirí laistigh de Phlean Forbartha Cinn Scríbe agus Éispéiris Chathair na Gaillimhe 2025-2030. Feidhmeoidh an tsaoráid mar phríomh-mhol treoshuímh do chuairteoirí ag príomhphointe teachta na cathrach, ag tacú le heolas níos fearr do chuairteoirí, le bealaí a aimsiú, le feasacht ar cheann scríbe agus le scaipeadh cuairteoirí ar fud comharsanachtaí agus nithe is díol spéise i gCathair na Gaillimhe.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Is céim thábhachtach i bhfeabhsú leanúnach Chathair na Gaillimhe é ceadú an tionscadail seo. Is minic gurb é an Fhaiche Mhór an chéad phointe teagmhála do chuairteoirí a thagann isteach sa gcathair agus níor mhór do na háiseanna atá ar fáil stádas na Gaillimhe mar cheann scríbe bríomhar, fáilteach a léiriú.”

Sally-Ann O’Brien, Ceannasaí Turasóireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

“Cuirfidh ionad eolais turasóireachta i suíomh chomh feiceálach sin ag príomhphointe teachta na Gaillimhe comhairle áitiúil agus ábhar inspioráide ar fáil do chuairteoirí ón nóiméad a leagann siad cos sa gcathair. Cabhróidh sé le daoine níos mó a fháil amach faoin gcathair agus feabhas a chur ar thaithí iomlán an chuairteora.”

GKMP Architects a dhear an tionscadal thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Éireann. Úsáidfear nua modhanna tógála inbhuanaithe agus ábhair dhúchasacha, lena n-áirítear adhmad, Aolchloch Ghorm na hÉireann agus Slinn Dairbhre le linn na tógála, rud a chruthóidh foirgneamh cathartha comhaimseartha a chuirfidh go mór le timpeallacht na Faiche Móire. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg tairiscintí don obair le hOifig Turasóireachta agus Áiseanna Poiblí nua a thógáil sa bhFaiche Mhór. Meastar go mbeidh an obair idir lámha ar feadh 12 mhí, má bhronntar an conradh.