Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, dhá chosán ‘Shiúlóid na nIontas' an tseachtain seo – a dhéanann ceiliúradh ar an stair agus ar an oidhreacht shaibhir atá le fáil ar an bhFaiche Mhór agus i Lár na Cathrach.
Cuimsíonn buaicphointí na gcosán sainchomharthaí ar nós Eaglais Choláisteach San Nioclás agus Doras an Bhrúnaigh agus foirgnimh nach seasann amach chomh mór sin ach a mbaineann tábhacht leo lena n-áirítear tithe agus siopaí. Cuimsíonn na cosáin féintreoraithe siúlóid tuairim is 2.5km agus roinntear na scéalta ón am atá caite a bhí ligthe i ndearmad. Tá Cosáin Shiúlóid na nIontas Chathair na Gaillimhe le fáil i bhfoirm chlóite ar fud na cathrach lena n-áirítear i leabharlanna, i Músaem Chathair na Gaillimhe, agus san Oifig Turasóireachta, agus is féidir iad a íoslódáil ar líne, féach naisc ag deireadh an Phreasráitis seo.
Insíonn cosáin Shiúlóid na nIontas Chathair na Gaillimhe dhá scéal dúinn atá sainiúil maidir le forbairt Chathair na Gaillimhe: ‘lár na cathrach’ laistigh de sheanbhallaí na cathrach, le sainghné ársa na Gaillimhe ón 13ú céad suas go dtí an lá atá inniu ann; agus lasmuigh de bhallaí na cathrach, ar an bhFaiche Mhór, ina bhfuil foirgnimh atá ar scála níos mó a léiríonn sainghné dhifriúil, agus muinín na cathrach a bhfuil borradh fúithi sa 19ú céad – lena n-áirítear bainc, Stáisiún Ceannt, Óstán Stairiúil an Bhóthair Iarainn (óstán an Hardiman anois) agus na tithe sraithe Seoirseacha le macalla de ‘dhul chun cinn’ Chathair na Gaillimhe.
Is tionscnamh náisiúnta atá i gceist le Cosáin Shiúlóid na nIontas atá leagtha amach chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair agus ar oidhreacht shaibhir Limistéir Caomhantais Ailtireachta (ACAnna) na hÉireann trí roinnt de na foirgnimh agus áiteanna stairiúla a bhfuil ardmheas ag pobail áitiúla orthu a thaispeáint.
Rinne Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH), cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, forbairt ar Chosáin Shiúlóid na nIontas i gcomhar le hOifigeach Caomhantais Ailtireachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Agus é ag fógairt na gcosán, dúirt an tAire don Dúlra, don Oidhreacht agus don Bhithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan T.D.: “D’fhéadfadh foirgnimh a dtéimid tharstu gach uile lá de shiúl na gcos nó sa gcarr a bheith ina ndíol suntais ó thaobh na hoidhreachta de. Cuidíonn Cosáin Shiúlóid na nIontas le daoine an stair a bhaineann lenár dtimpeallacht thógtha nach raibh ar eolas roimhe seo a fhiosrú agus mórtas ina gceantar áitiúil a threisiú. Cuirfidh na cosáin seo brí in oidhreacht Chathair na Gaillimhe agus tabharfaidh an deis do dhaoine tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht thógtha atá thart timpeall orainn”.
Mhol an tAire O’Sullivan na pobail áitiúla a bhí rannpháirteach agus thug sé ugach do dhaoine eile a theacht chun cinn, chun cur tuilleadh le líonra Shiúlóid na nIontas.
“Agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht leis na pobail, leis na hoifigigh ó mo Roinn féin agus leis an Oifigeach Caomhantais Ailtireachta i gCathair na Gaillimhe, bailíodh scéalta a bhain leis na háiteanna uathúla seo a thugann brí ceart i ndáiríre do na cosáin seo. Is sampla iontach iad na cosáin de thionscadal faoi stiúir an phobail atá le feiceáil faoi lán seoil agus molaim don uile dhuine dul amach agus na cosáin spéisiúla nua seo a shiúl agus a fhiosrú”.
Dúirt Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is bealach iontach a bheidh i gCosáin Shiúlóid na nIontas le taithí a fháil ar limistéir caomhantais ailtireachta na Gaillimhe — ó limistéar fairsing na Faiche Móire go sráideanna lár na cathrach atá lom lán le sainghnéithe. Táthar ag súil go gcuideoidh na cosáin seo le daoine na foirgnimh, na spásanna, agus na mionsonraí a dtéimid tharstu go minic ar bhonn laethúil a thabhairt faoi deara ar bhealach difriúil, agus an bealach a múnlaíonn oidhreacht thógtha na Gaillimhe a dteacht i láthair agus a mórtas áite a chur ar na súile dúinn”.
Dúirt Brendan Dunne, Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach, don Oidhreacht agus don Chaomhnú Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá an Fhaiche Mhór agus Lár na Cathrach mar chuid ríthábhachtach d’oidhreacht thógtha agus d’fhéiniúlacht bhríomhar na cathrach, táimid ag súil go gcuirfidh na cosáin béim ar thábhacht an ainmniúcháin mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta ó thaobh ár n-oidhreachta tógtha a chosaint agus a chinntiú go mbeidh Gaillimh ina háit bhríomhar agus speisialta i gcónaí – dóibh siúd atá ina gcónaí ann agus don bhreis is 2.7 milliún cuairteoir a thagann chun na cathrach gach aon bhliain”.