Tabharfar tús áite don Afraic i gCathair na Gaillimhe i mí Bealtaine mar cheiliúradh ar na daoine, ar na cultúir, agus ar acmhainneacht na mór-roinne iontaí seo agus ar phobail na hAfraice go léir atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe. Beidh imeachtaí ar bun ar feadh Lá na hAfraice, Dé Sathairn an 23 Bealtaine, ó cheol beo, damhsa traidisiúnta agus comhaimseartha, bia na hAfraice, taispeántais faisin agus taispeántais ealaíne i bPáirc Bhóthar na Trá, mar chuid de cheiliúradh saor in aisce atá oiriúnach do theaghlaigh. Is féidir an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar bun ar fud na tíre a fháil ar www.AfricaDay.ie
Déantar ceiliúradh bliantúil ar Lá na hAfraice ar fud an domhain, agus beidh údaráis áitiúla ar fud na hÉireann ag óstáil réimse d'imeachtaí cultúir, ealaíon agus imeachtaí atá oiriúnach do theaghlaigh ar fud na tíre ar feadh mhí na Bealtaine.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tugann Lá na hAfraice deis do gach duine i nGaillimh, an pobal níos leithne agus pobail na hAfraice atá ina gcónaí anseo, ceiliúradh a dhéanamh ar stádas na Gaillimhe, arb í an chathair is ilchultúrtha in Éirinn í. Tá daoine ar de bhunadh na hAfraice iad ina gcuid thábhachtach de shaol na Gaillimhe. Is cuid iad dár gcomharsanachtaí, ár scoileanna, agus ár n-ionaid oibre, iad ag obair in éineacht le daoine as Gaillimh, as ceantair ar fud na hÉireann, na hEorpa, agus as ceantair ar fud an domhain. Tá ár n-éagsúlacht ar cheann de na láidreachtaí is mó atá againn. Is faoi aitheantas a thabhairt don láidreacht sin Lá na hAfraice, faoi thuiscint a chothú agus teacht le chéile chun cultúir na hAfraice a cheiliúradh i bPáirc Bhóthar na Trá an 23 Bealtaine.”
Dúirt an Comhairleoir Helen Ogbu, “Is mise an chéad duine de bhunadh na hAfraice a toghadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus is mór an tábhacht phearsanta agus phobail atá ag Lá na hAfraice dom. Déantar ceiliúradh ar shofheictheacht, muintearas, ionadaíocht agus an méid ollmhór a chuireann pobail na hAfraice le Gaillimh agus le hÉirinn gach lá.
Táim bródúil as an gcomhoibriú láidir idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus pobal na hAfraice, faoi stiúir Africa United Galway agus a fhaigheann tacaíocht ó na heagraíochtaí agus na grúpaí Afracacha ar fad atá ag obair le chéile chun an ócáid seo a chur ar bun. Léiríonn an t-aontacht seo láidreacht na héagsúlachta, na comhtháthaithe, na malairte cultúir agus na comhoibríochta pobail chun go mbeidh Gaillimh ina cathair fháilteach agus lánpháirtíoch do chách.”
Sheol an tAire Stáit d’Fhorbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Neale Richmond, clár Lá na hAfraice 2026, agus maoiniú á chur ar fáil ag Cúnamh Éireann ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Lean na himeachtaí ar Instagram - @africadayireland agus Facebook – Africa Day