Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Pobal Áitiúil tagtha le chéile chun dul i ngleic le Bruscar agus Dumpáil sa mBaile Bán

Group of people sitting at a table in a circle at a workshop in session in Ballybane

 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus pobal an Bhaile Bháin ag teacht le chéile chun dul i ngleic le bruscar agus dumpáil mhídhleathach atá ag tarlú sa gceantar. Bhí an chéad cheardlann ar siúl an tseachtain seo caite (Dé hAoine an 10 Aibreán), agus bhí na rannpháirtithe  ag tabhairt faoi bhealach a leagan amach chun dul i ngleic le bruscar agus na háiteanna is mó dumpála i rith thionscadal 12 mhí. Beifear ag tabhairt faoin tionscadal i gcomhpháirtíocht le muintir na háite, ionadaithe pobail, an Garda Síochána, an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (WERLA) agus baill foirne ó na Rannóga Tithíochta, Pobail, Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. 

Le roinnt seachtainí anuas, tá clár gníomhaíochta forbartha ag baill foirne ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus leas á bhaint as maoiniú ó ‘Thionscnamh Frithdhumpála’ na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil - agus ba é an chéad ghníomh a bhí le déanamh ná scrobarnach agus toir a bhaint ag áit mhór le haghaidh dumpála in aice le siopa i Sráidbhaile Comharsanachta an Bhaile Bháin.

Leanfar leis an tionscadal sa mbliain amach romhainn, ag díriú ar bhruscar agus ar dhumpáil mhídhleathach trí chur i bhfeidhm, cosc, laghdú agus oideachas. 

Dúirt David Walsh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá traidisiún fada ag pobail sa mBaile Bán ag tabhairt faoi thionscnaimh frithbhruscair mar shampla ag piocadh suas bruscair; plandáil; múrmhaisiú ‘Last Wolf of Merlin’ agus dán Gaeilge ar Shruthán Mhuirlinne; tionscadail mhúrmhaisithe agus phlandála i Sliabh Rua agus Fana Glas; agus freagracht a ghlacadh agus aire a thabhairt do spásanna glasa. Ar an drochuair, tá roinnt áiteanna ann ina bhfuiltear fós ag caitheamh bruscair agus ag dumpáil ann, ar áiteanna achrannacha fós iad, agus léirítear é sin i dtorthaí IBAL gach bliain. Táimid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo trí thionscadal atá faoi stiúir an phobail, a bhfuil prionsabail na rannpháirtíochta, an chumhachtaithe, na ceannaireachta áitiúla agus na gníomhaíochta comhchoiteanna mar bhonn faoi chun athrú inbhuanaithe faoi stiúir an phobail a fhorbairt. Beidh ról lárnach ag cur i bhfeidhm chun dul i ngleic le háiteanna ina mbíonn go leor bruscair – beidh foireann Forfheidhmithe Dramhaíola Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána lena chinntiú go ngearrfar pionós orthu siúd atá freagrach as dumpáil mhídhleathach agus as cur isteach ar an obair atá á déanamh ag leibhéal áitiúil. Mar chuid de seo beidh orainn úsáid a bhaint as CCTV agus ceamaraí ceilte soghluaiste le linn buaicthréimhsí dumpála in áiteanna achrannacha”.   

I measc na dtionscnamh atá beartaithe mar chuid den tionscadal 12 mhí seo, tá siúlóidí chun na príomháiteanna dumpála atá faoi cheilt, patrúin aistrithe bruscair, áiteanna ina bhfuil drochsholas nó áiteanna iargúlta a aithint, agus áiteanna ina bhfuil gá le boscaí bruscair. 

Beidh laethanta gníomhaíochta comhshaoil dírithe ar chur i bhfeidhm ar siúl, agus beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Garda Síochána agus WERLA ag déanamh iniúchtaí ar sheirbhísí bailithe dramhaíola tí, imscrúdú ar dhramhaíl a dhumpáiltear go mídhleathach agus seicphointí a reáchtáil chun teacht ar bhailitheoirí dramhaíola a oibríonn go mídhleathach. Cuirfear isteach CCTV ag príomháiteanna comhaontaithe, nó bainfear úsáid astu mar cheamaraí ceilte soghluaiste le linn buaicthréimhsí dumpála.

Leis an tionscadal seo, déanfar níos deacra go fisiciúil é a bheith ag dumpáil, agus beidh sé níos éasca fáil réidh le dramhaíl ar bhealaí dleathacha. Mar shampla, feabhas a chur ar sholas sna príomháiteanna; feabhas a chur ar línte radhairc trí phlandaí a bhaint in áiteanna glasa chun cosc a chur ar bhruscar; áiteanna dumpála iargúlta nó príomháiteanna dumpála a athúsáid chun srian a chur orthu m.sh. gairdíní pobail; agus tacaíochtaí pobail lena n-áirítear ceardlanna bainistíochta dramhaíola. 

Leanfar le Glantacháin Phobail, agus tá tuilleadh tionscadal múrmhaisithe beartaithe, cosúil le hobair roimhe seo ar nós Tionscadal ‘Last Wolf of Merlin’, chomh maith le plandaí a chur agus suíocháin a chur ar fáil. 

Lean na cuntais atá againn ar na meáin shóisialta nó www.GalwayCity.ie don eolas is déanaí faoin tionscadal seo. 

Tá fáilte roimh mhuintir na háite nó comhpháirtithe leasmhara a bheith páirteach sa tionscadal trí theagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536 400 nó Environment.Section@GalwayCity.ie

Tá an tionscadal seo faoi stiúir an phobail ag teacht le piléir an Phríomhúdaráis Réigiúnaigh Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (WERLA) um Chur i bhFeidhm, Cosc, Laghdú agus Oideachas. Tacaíonn ‘Tionscnamh Frithdhumpála 2026’ na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil leis na tionscnaimh seo.

Related news