COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE AN SCÉIM DEONTAIS DO CHLUBANNA SPÓIRT 2026

sports equipment on grass

 

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ár Scéim Deontais do Chlubanna Spóirt 2026 a fhógairt. Cuidíonn agus tacaíonn an scéim seo le clubanna spóirt i gCathair na Gaillimhe leanúint lena gcuid dea-oibre agus iad ag tabhairt deiseanna Spóirt do chách. 

Is é seo a leanas an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais chomhlánaithe:  5, DÉ hAOINE, 31 LÚIL 2026 

Maoiniú a dheonú chun an méid seo a leanas a chlúdach:

  • Costais fhorbartha an chlub ó lá go lá mar threalamh, trealamh traenála, páirceanna ar cíos, iompar etc. 70% ar a mhéid den suim iomlán a ndéanfar iarratas air. I gcás clubanna i gceantair RAPID den Chathair féadfar 80% ar a mhéid den iomlán a ndéanfar iarratas air a chaitheamh.                                       

  • Costais chun cóitseáil a fhorbairt do chúrsaí iomchuí agus 30% ar a laghad i gceist. I gcás Clubanna atá lonnaithe i gceantair RAPID den Chathair is ionann an íosmhéid agus 20%.

  • Ní mór go mbainfeadh costais forbartha cóitseálaithe le cúrsaí aitheanta, .i. cúrsaí atá aitheanta ag an gcomhlacht rialaithe spóirt náisiúnta, ag Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil/Sport Ireland nó ag institiúid nó eagraíocht oideachais aitheanta.

  • Maoiniú chun caiteachas a chlúdach ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

Nithe nach bhfuil incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais faoin scéim seo:

  • Tionscadail chaipitil

  • Íoc fiach

  • Costais taistil agus iomaíochta lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

  • Cumhdach árachais

  • Tionscadail, imeachtaí nó nithe eile a mhaoinítear faoi scéimeanna deontas eile.

 

Is ionann an deontas uasta is iníoctha le club agus €4,000.

 

Chun d'iarratas a dhéanamh ar líne ar, Comhairle Cathrach Na Gaillimhe An Scéim Deontais Do Chlubanna Spóirt déan iarratas anseo: https://submit.link/56w

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil: Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, An Rannóg Pobail, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste; an ríomhphost; jason.craughwell@galwaycity.ie  

Tá an scéim deontais seo á seachadadh i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe