Comhairle Cathrach na Gaillimhe i measc na dTrí Údarás Áitiúla is Fearr ar fud na tíre maidir le Forfheidhmiú Comhshaoil de réir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil

gcc jacket with sweeper in background

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ainmnithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) ar cheann de na trí údarás áitiúla is fearr maidir le forfheidhmiú comhshaoil i dTuarascáil Feidhmíochta Forfheidhmithe Comhshaoil na nÚdarás Áitiúil 2025. 

Déantar iniúchadh sa tuarascáil bhliantúil seo ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar an gcaoi a bhfuil údaráis áitiúla ag tabhairt aghaidh ar ‘Thosaíochtaí Náisiúnta Forfheidhmiúcháin’ (NEPanna) chun comhlíonadh comhshaoil a fheabhsú agus torthaí dearfacha a fháil i leith dramhaíola, uisce, aer agus torann. 

Níor bhain ach trí údarás áitiúil – Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas – an caighdeán riachtanach amach sna NEPanna ábhartha ar fad.

I measc na ngníomhaíochtaí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe tá ráta iniúchtaí níos airde, iniúchtaí rioscabhunaithe atá dírithe ar eagraíochtaí ardriosca agus gníomhartha leantacha nuair a aimsíodh neamhchomhlíonadh.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, “Tá ról ríthábhachtach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcosaint na timpeallachta i gCathair na Gaillimhe – idir suíomhanna áineasa, bailiúcháin earraí toirtiúla agus athchúrsáil crann Nollag a chur ar fáil, mar shampla, agus ceadúnú comhshaoil a fhorfheidhmiú, glantachán sráide laethúil, agus tacú le tionscnaimh pobail amhail glanadh suas, ceardlanna deisithe agus cláir do scoileanna. Is í Foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus í ag obair i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí agus le grúpaí pobail eile, bun agus barr an toraidh dhearfaigh seo, agus déanaim comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu leis an éacht seo.” 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Léiríonn an tuarascáil EPA seo tábhacht agus éifeachtacht na forfheidhmithe maidir le tabhairt faoi fheidhmíocht comhshaoil. Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe tosaíocht d’acmhainní a chur ar fáil sa réimse seo le blianta anuas, trí Oifigeach Forfheidhmithe Dramhaíola agus Eolaí Comhshaoil a cheapadh, a oibríonn i gcomhar lenár Maoir Pobail, ár nOifigeach Feasachta Comhshaoil, ár nAonad Bainistíochta Bruscair agus an fhoireann sa Rannóg Comhshaoil. D’athraigh obair na foirne feidhmíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó bhun in 2024, nuair a bhí seacht gcinn de na 19 NEP ag baint amach an caighdeán a theastaigh, agus tá sé anois ar cheann den trí údarás áitiúla is fearr sa tír, agus gach ceann de na 13 NEP tar éis an caighdeán a theastaigh a bhaint amach. Léiríodh i dtuarascáil 2025 go raibh Cathair na Gaillimhe i measc na dtrí údarás áitiúla sa tír a raibh an caighdeán a theastaigh á mbaint amach acu, agus ba í an t-aon údarás áitiúil taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a raibh an toradh sin bainte amach aici. Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar aghaidh ag cur leis an toradh dearfach seo, le tionscnaimh nua lena n-áirítear ceamaraí TCI a shuiteáil chun dumpáil mhídhleathach a chosc; tionscadal frithbhruscair faoi stiúir an phobail sa mBaile Bán agus físeán rapcheoil a cruthaíodh le daltaí ón mbunscoil áitiúil; grúpaí oibre le ceannairí pobail; agus imeachtaí feasachta comhshaoil.”

Tá Tuarascáil Feidhmíochta Forfheidhmithe Comhshaoil na nÚdarás Áitiúil 2025 ar fáil ar shuíomh gréasáin an EPA, féach https://www.epa.ie/publications/compliance--enforcement/public-authorities/Local-Authority-Environmental-Enforcement-Performance-Report-2025.pdf