Comhairle Cathrach na Gaillimhe roghnaithe ina Curadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don tréimhse 2025–2026

Galway City Council's Climate Action Team pictured at the launch of the SDG Champions Programme 2025-2027 with Minister Darragh O'Brien and the Department of Climate, Energy, and the Environment.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe roghnaithe ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ina Curadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do chlár na tréimhse 2025-2027.

 

Cuireadh Clár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar bun in 2019 chun níos mó den phobal a chur ar an eolas faoi na Spriocanna agus chun eiseamláirí na gCuradh a úsáid lena léiriú gur féidir le gach duine rud éigin a dhéanamh ar mhaithe le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. An ról atá ag Curadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná gníomhú mar chosantóir agus mar thacadóir ar son na Spriocanna agus dea-shampla a thabhairt faoin gcaoi ar féidir le heagraíocht cur leo agus iad a fhí isteach in obair agus cúraimí na heagraíochta. Is é ‘Comhpháirtíochtaí a fheabhsú le haghaidh na Spriocanna’ Cuspóir Straitéiseach 3 sa Dara Plean Forfheidhmithe Náisiúnta maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, 2022-2024, in Éirinn. Córas fíorthábhachtach é Clár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe leis an méid sin a bhaint amach. 

 

Baineann Gníomh 35 agus bearta gaolmhara den Phlean Feidhmithe Náisiúnta le Clár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus athsheoladh an Chláir. 

 

An teachtaireacht lárnach i gClár na gCuradh ná go bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ann do gach duine sa tsochaí agus gur féidir le gach duine a sciar féin a dhéanamh le go mbeidh rath ar an obair.

 

Mar Churadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, léireoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ceannaireacht sa chaoi a ndéanfar na Spriocanna a chur i bhfeidhm sa rialachas áitiúil, sa bhonneagar agus i rannpháirtíocht an phobail.

 

Dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, “go bhfuil dúshláin mhóra le sárú ar fud an domhain leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach toisc nach bhfuil ach 18% de na spriocanna á mbaint amach go hidirnáisiúnta de réir an sceidil faoi láthair. Bíodh sin mar atá, tá comóradh á dhéanamh againn i mbliana ar 70 bliain de bhallraíocht na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe agus, mar sin, tá gealltanas á thabhairt againn go mbainfear amach an fhís agus an uaillmhian i gClár Oibre 2030, treochlár chun go mbeidh saol inbhuanaithe i ndán dúinn a bheidh níos cothroime, níos sábháilte agus níos rathúla. Tá an-dul chun cinn déanta againn san aistear leis an uaillmhian sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach ach teastaíonn tuilleadh go tapa agus gach páirtí leasmhar rannpháirteach go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

 

Chuir breis agus 90 eagraíocht iarratas isteach ar an deis le bheith páirteach sa gClár i mbliana, léiriú ar an díograis i gcónaí sa tsochaí in Éirinn leis na Spriocanna a bhaint amach agus a chur chun cinn. Tá ról lárnach ag na comhpháirtíochtaí agus is aoibhinn an rud é go bhfuil réimse eagraíochtaí lán éagsúlachta againn ag treabhadh as lámha a chéile i dtreo saol níos fearr do chách. Aithnítear i gClár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe go bhfuil a ról féin le comhlíonadh ag cách agus gur féidir le cách rud éigin a dhéanamh i dtreo na Spriocanna a bhaint amach.” 


Tá Foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don Ghníomhú ar son na hAeráide ag cur tionscadail bhunathraitheacha chun cinn atá ag teacht leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ceann de na tionscadail seo ná an clár trialach atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, NetZeroCities, clár ina dtugtar tacaíocht don dícharbónú domhain agus iarfheistiú pobail (SFI 11, 13, 4, 17). Tionscadal eile ná Tionscadal na nUiscebhealaí faoin Tionscnamh Uirbeach Eorpach ina ndéantar canálacha stairiúla na Gaillimhe a shamhlú as an nua chun fuinneamh glan in-athnuaite a ghiniúint (SFI 7, 9, 13, 11). I dteannta na nuálaíochta i réimse teicniúla, cuirtear an tuiscint ar an aeráid agus an comhar chun cinn i nGaillimh i dtionscnaimh ar nós Féile Aeráide na Gaillimh, na hoícheanta scéalaíochta Giob Geab agus an Ciste Gníomhaíochta Aeráide Pobail (SFI 4, 13, 17).


“Cúis bhróid do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe aitheantas a fháil mar Churadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tá sé seo ag teacht leis an ngealltanas atá tugtha againn go mbeidh muid ag saothrú i dtreo saol inbhuanaithe ionchuimsitheach i nGaillimh agus go ndéanfaimid an dea-chleachtas a scaipeadh go náisiúnta,” a dúirt Damien Reddington, Comhordaitheoir, Gníomhú ar son na hAeráide. 


Agus í ag gníomhú mar Churadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar aghaidh leis an obair chun na Spriocanna a dhaingniú mar chuid den phleanáil straitéiseach agus soláthar seirbhísí le go mbeidh an inbhuanaitheacht i gcónaí i gcroílár na cinnteoireachta.

 

Tá tuilleadh eolais faoi Chlár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an nasc Curaidh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, 2025-2027.