Comhairliúchán Poiblí Oscailte maidir le Straitéis Forbartha Geilleagraí do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe

Poster for Joint Economic Strategy with coloured icons and links to survey

 

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht ó Grant Thornton, chun eolas a dhéanamh do Straitéis Forbartha Geilleagraí chomhpháirteach atá le forbairt do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe.   Cuideoidh an straitéis seo le fás Chathair agus Chontae na Gaillimhe a mhúnlú sna deich mbliana atá amach romhainn agus níos faide ar aghaidh ná sin agus le heolas a dhéanamh do chinntí ar phríomhréimsí geilleagracha lena n-áirítear cruthú fostaíochta, agus forbairt fiontair agus cnuasaigh. Breithneofar sa straitéis seo freisin cúinsí a dhíríonn ar chur chuige áit-bhunaithe a bhfuil tionchar acu ar fhás agus ar dheis gheilleagrach lena n-áirítear bonneagar, nascacht, scileanna taighde agus forbairt inbhuanaithe na cathrach, agus bailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe fud fad an Contae. Beidh an straitéis mar bhunús freisin leis an infheistíocht atá riachtanach chun an uaillmhian seo a bhaint amach. Spreagtar páirtithe leasmhara, lena n-áirítear gnólachtaí agus lucht cónaithe lena dtuairimí a roinnt chun cuidiú le plean a mhúnlú a stiúrfaidh an bealach i dtreo rathúnas fadtéarmach agus ionchuimsitheacht Chathair agus Contae na Gaillimhe. Beidh an straitéis ina bunús freisin leis an infheistíocht atá riachtanach chun an uaillmhian seo a bhaint amach agus tuilleadh borradh a chur faoin ngeilleagar le luach reatha ar fiú breis is €16.4 billiún é.

Dúirt an Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Is tionscnamh iontach atá anseo, agus bainfear úsáid as an straitéis deiridh chun maoiniú a ghiaráil chun tacú le spriocanna forbartha geilleagraí ar fud na Cathrach agus ar fud an Chontae”

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Léirítear sa Straitéis Forbartha Geilleagraí chomhpháirteach an chomhpháirtíocht láidir atá idir na Comhairlí Cathrach agus Contae, atá ag teacht leis an uaillmhian chomhroinnte atá acu do Ghaillimh. Leagfaidh an straitéis amach plean ina bhfuil teacht aniar agus atá inseachadta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus cur an méid is fearr is féidir le deiseanna don rathúnas fadtéarmach.”

Tá an comhairliúchán mar chuid de bhailiúchán saothair níos leithne i bhforbairt na straitéise atá faoi stiúir Grant Thornton lena n-áirítear anailís gheilleagrach, comhairliúchán le lucht déanta beartais agus le páirtithe leasmhara ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chomh maith le breithniú a dhéanamh ar threochtaí níos leithne maicreacnamaíocha agus ar a n-impleachtaí. 

Is dearbhphrionsabail bhunúsacha den phróiseas iad trédhearcacht agus rannpháirtíocht agus cé gur páirtithe leasmhara tábhachtacha iad gnólachtaí, tá na comhairlí ag iarraidh tuairimí a fháil ó lucht cónaithe ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe freisin. 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe “Is fíordheis atá sa Straitéis Forbartha Geilleagraí chomhpháirteach seo chun todhchaí na Gaillimhe a mhúnlú - ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin an lae inniu agus ina n-aimsítear deiseanna nua do na blianta atá amach romhainn. Táim ag tabhairt ugach do dhaoine a bheith páirteach ann agus a dtuairimí a thabhairt ionas go gcuirfidh na Comhairlí plean láidir, uaillmhianach ar fáil do réigiún atá bríomhar, ionchuimsitheach, agus ina bhfuil teacht aniar.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Conneally; “Cuirfidh an straitéis seo comhartha soiléir do ghnólachtaí go bhfuil cathair agus contae na Gaillimhe, inneall geilleagrach an réigiúin, ullmhaithe agus oscailte do ghnó.”

Beidh an tréimhse chomhairliúcháin ar líne ar siúl ar feadh tréimhse 4 seachtaine agus tiocfaidh deireadh leis an 22 Bealtaine. 

Is féidir teacht ar shuirbhéanna ar líne don lucht cónaithe agus do ghnólachtaí ar:

Tá suirbhéanna clóite ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Rannóga um Pleanáil Chun Cinn Chomhairle Cathrach nó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  

Meastar go seolfar an straitéis i Ráithe 4 2026.