Comhrá Speisialta le Micheál D. Ó hUigínn mar chuid d'Fhéile na Gaillimhe faoi chúrsaí Aeráide, Cultúir agus Dóchais

Michael D. posing for photo.

Beidh iarUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, linn d’Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe i mbliana do chomhrá poiblí speisialta chun an méid atá i bpáirt ag bearta gníomhaithe ar son na haeráide, cultúr, cruthaitheacht agus dóchas a phlé.

Arna léiriú i gcomhar le IDEA, Cumann Forbartha Oideachais na hÉireann, beidh an t-imeacht saor in aisce dar teideal “Aeráid, Cultúr & Dóchas: Comhrá le Micheál D. Ó hUigínn,” ar siúl Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh ó 15:30 go 16:45 i bPuball na Féile i bPáirc an Athar de Búrca.

Beidh an t-údar agus an nuálaí sóisialta, Ruairí McKiernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin IDEA, i dteannta Mhichíl D. Uí Uigínn d'imeacht féile ar leith, comhrá fadréimseach faoi shamhlaíocht, shaoránacht dhomhanda agus faoi ról na cruthaitheachta agus na comhpháirtíochta cathartha domhan níos inbhuanaithe agus níos córa a thógáil. 

Beidh taibhléiriú speisialta ó Áine Tyrell, ceoltóir mór le rá atá bunaithe i nGaillimh, agus ón bhfile óg Princess Mimi Chukwudi, mar chuid den imeacht freisin, ina dtabharfaidh siad ceol, filíocht agus idirphlé poiblí le chéile mar cheiliúradh cumhachtach ar an gcruthaitheacht agus ar an ngníomhaíocht phobail.

Ag labhairt dó roimh an imeachta, dúirt Ruairí McKiernan:

“Is é Micheál D. Ó hUigínn duine de na daoine is mó sa tír a labhraíonn amach i gcónaí ar son an cheartais, na síochána, dhínit an duine agus na dlúthpháirtíochta domhanda agus déanann sé sin go spreagúil. Labhair sé go minic faoin ngá atá le maireachtáil ar bhealach níos síochánta lena chéile agus leis an dúlra, ag aithint gur faoi chaidrimh, freagracht agus cúram dá chéile agus dár bpláinéad atá gníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil ar deireadh. Tráth a bhfuil sé éasca a bheith an-trína chéile faoin míshuaimhneas ar fud an domhain, tugtar deis leis an gcomhrá seo machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a chabhraíonn cultúr, pobal, cruthaitheacht agus saoránacht ghníomhach linn freagairt le misneach, samhlaíocht, gníomhaíocht phraiticiúil agus dóchas.”

Dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Is áit í Gaillimh ina bhfuil cultúr, pobal agus nuálaíocht fite fuaite ina chéile le fada. Tá an spiorad sin le brath ar an bhFéile Inspioráidí Aeráide, trína dtugtar daoine, beag beann ar aois, le chéile chun bearta gníomhaithe ar son na haeráide a fhiosrú ar bhealaí cruthaitheacha agus atá éasca teacht orthu. Is ábhar mórtais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte a chur roimh Mhicheál D. Ó hUigínn chuig an imeacht ar leith agus spreagúil seo atá mar chuid de chlár féile iléagsúil agus tarraingteach.”

Is cuid d'Fhéile Inspioráide Aeráide na Gaillimhe 2026 an comhrá, féile a bheidh ar siúl an 24-28 Meitheamh i bPáirc an Athar de Búrca, sa Músaem agus ar an bhFaiche Mhór.

Tá sé ar cheann de na féilte rannpháirtíochta poiblí is nuálaí in Éirinn, agus tugtar ealaíontóirí, lucht léinn, oideachasóirí, grúpaí pobail agus saoránaigh le chéile leis an gclár cúig lá chun freagairtí praiticiúla, cruthaitheacha faoi stiúir an phobail ar an athrú aeráide a fhiosrú.

Os cionn 30 imeacht a bheidh i bhféile na bliana seo agus i measc na mbuaicphointí beidh:

  • Cainteanna agus comhráite spreagúla, ar nós:
    • An oideachasóir ar chúrsaí comhshaoil, Harrison Gardner
    • “The Lie of the Land” le John Gibbons agus leis an Dr Patrick Collins
    • Plé cumarsáide aeráide leis an ailtire Róisín Murphy, an tOll. John Sweeney, Lucie Martin (ESRI) agus Laura Costello (Hometree)
    • Caint faoi thaisteal gníomhach agus faoin tuarascáil um an t-innéacs siúil agus rothaíochta
  • Léirithe beo, seit fuinniúil ó Jiggy, a mheascann ceol traidisiúnta na hÉireann le fuaimeanna domhanda; An Tara; Los Watchos; DJ Sally Cinnamon, na hEasógaí, an File Julie Goo, Djanna Mná Mná, Samba Wave agus Kelsey Selky ina measc
  • Eispéiris idirghníomhacha, ar nós Rige Aisfheistithe NZEB, lena dtugtar léargas phraiticiúil ar aisfheistiú inbhuanaithe tithe agus éifeachtúlacht fuinnimh; 
  • Imeachtaí cruthaitheacha sóisialta cosúil leis an Climate Cocktail Club agus Giob Geab, ina measctar inbhuanaitheacht le siamsaíocht oíche agus le comhrá
  • Taispeántais Aeráide sa Mhúsaem, i bPáirc an Athar de Búrca agus an Westend Arts Collective
  • Bia le The Melting Pot Luck agus ‘Global food, tastes of the climate emergency’
  • Agus go leor imeachtaí eile...

I gcroílár na féile, cuirtear béim ar ról na samhlaíochta agus na comhoibríochta maidir le tabhairt faoi dhúshláin aeráide, a thagann leis an tacaíocht atá Micheál D. Ó hUigínn ag tabhairt le fada do na healaíona, don chultúr agus don saoránacht ghníomhach mar uirlisí riachtanacha chun go dtiocfaidh athrú ar an tsochaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhéile Inspioráide Aeráide na bliana seo agus eolas faoi chlárú nó faoi thicéid a cheannach a fháil, téigh chuig: https://GalwayClimateFestival.ie 

Tá tacaíocht fhlaithiúil á cur ar fáil don fhéile ag Rannán Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, le maoiniú tríd an tionscnamh ‘Cathair Chiorclach na Gaillimhe,’ rannán pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le maoiniú faoin CFPÁ, Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe agus an fhoireann Comhtháite. Gabhaimid buíochas chomh maith le Comhairle Chontae na Gaillimhe, The City Bin Company agus Comhar Creidmheasa an Chladaigh.