Is cúis ríméid do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt gur bronnadh an tairiscint chun oifigí cathartha nua a Fheistiú i gCearnóg na Corónach, An Baile Bán, ar Flynn Management and Contractors, tar éis próiseas tairisceana sa gceathrú ráithe den bhliain 2025.
Cuireadh tús leis an bhfeistiú ar na hoifigí cathartha nua ag Uimhir a Trí, Cearnóg na Corónach sa dara ráithe den bhliain 2026. Tabharfar baill foirne atá lonnaithe i gceithre shuíomh ar fud na cathrach le chéile sna hoifigí cathartha nua agus cuirfear foirgneamh cathartha ar fáil atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh ina mbeidh spásanna poiblí a bheidh compordach, inrochtana agus solúbtha, lena n-áirítear seomraí do chruinnithe príobháideacha agus grúpa, Seomra na Comhairle níos mó ina mbeidh saoráidí closamhairc cuí, cuntair phoiblí, ceaintín foirne agus áiteanna leasa, saoráidí do Chomhaltaí Tofa agus saoráidí coimhdeacha tacaíochta eile.
Dearadh na hoifigí chun a dtionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun caighdeáin Óir LEED agus NZEB a chomhlíonadh agus rátáil fuinnimh BER ‘A’ a bhaint amach. Tá na bearta sin ag teacht le freagrachtaí sóisialta corparáideacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus le sprioc an Údaráis Áitiúil Neodracht Carbóin a bhaint amach, chomh maith le cathair níos glaise agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe.
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus é ag síniú an chonartha, “Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn ar an gcéim deiridh chun ionad oibre nua-aimseartha a chur ar fáil don eagraíocht. Tríd an bhfoireann a thabhairt le chéile in áit lárnach amháin i gCearnóg na Corónach, neartófar comhoibriú agus beifear in ann le seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do mhuintir Chathair na Gaillimhe.”
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht na gComhaltaí Tofa agus d’obair na foirne ar fud na heagraíochta, a bhfuil a ndíograis leanúnach tar éis an tionscadal a bhrú ar aghaidh go dtí an chéim seo, agus leanann an obair sin dár réiteach don aistriú. Is fada linn go bhfeicfimid an foirgneamh ag athrú sna seachtainí amach romhainn agus muid ag fáil faoi réir le bogadh isteach i ndeireadh na bliana 2026.”
Is éard a dúirt Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhísí don Stiúrthóireacht Bainistíochta Tionscadail, atá freagrach as seachadadh na feistithe, “Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a chríochnaigh i dtús na bliana seo, chuireamar tús leis an bhfeistiú ar na hoifigí cathartha nua. Tá an conraitheoir tar éis tosú ag obair cheana féin ar chlár tógála a thógfaidh 43 seachtain, agus táthar ag súil go mbeidh na hoifigí nua réidh le bogadh isteach iontu faoi dheireadh 2026.
Leanfar den idirchaidreamh leis an bhfoireann, le comhaltaí tofa, le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal agus an feistiú ag dul chun cinn, ag obair i gcomhar leis an bhFoireann Bainistíochta Aistrithe agus Athraithe go hinmhéanach chun a chinntiú go bhfuil próiseas an aistrithe stairiúil seo chomh réidh agus is féidir dár bhfoireann agus do mhuintir na Gaillimhe.”
Is éard a dúirt Flynn Management and Contractors, “Tá Flynn bródúil as an tionscadal ceannródaíoch seo a chur ar fáil do Chathair na Gaillimhe i gCearnóg na Corónach, tionscadal a dhéanfaidh cheannáras cathartha den chéad scoth den spás. A bhuí leis an bhforbairt cuirfear ionad oibre nua-aimseartha agus solúbtha ar fáil, ag tacú le forás leanúnach agus soláthar seirbhísí na Comhairle. Táimid ag súil le bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara an tionscadail ar fad chun torthaí rathúla ar ardchaighdeán a chinntiú.”
Síníodh an conradh chun an tsaoráid nua a thógáil i Halla na Cathrach Déardaoin an 28 Bealtaine 2026, agus ceapadh Flynn Management and Contractors chun an tionscadal a chur i gcrích. Tá an Fhoireann Deartha Comhtháite faoi stiúir Henry J Lyons, agus is é AECOM Ireland Ltd an Bainisteoir Tionscadail.
Táthar ag súil go dtosóidh an fhoireann oibre ag bogadh isteach sna hoifigí nua sa gceathrú ráithe den bhliain 2026.