Creat praiticiúil, atá Freagrach ó thaobh an Chultúir de, ag Teastáil chun Tacú le Teaghlaigh an Lucht Siúil

Contributors at the launch of the Feasibilty Report

 

Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe Tuarascáil Féidearthachta cheannródaíoch ar Thionscadal Píolótach Rannpháirtíochta Tionóntaí do Ghrúpthithíocht atá Dírithe go Sonrach ar an Lucht Siúil, i mBóithrín na Saoirse, an Cuarbhóthar, Gaillimhe an tseachtain seo caite (Déardaoin an 21 Bealtaine 2026). Léiríonn torthaí an tionscadail phíolótaigh gur cheart creat praiticiúil a fhorbairt, a bheadh freagrach ó thaobh an cultúir agus na hinbhuanaitheachta de, maidir le rannpháirtíocht na dtionóntaí - rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do bhreis agus 90 teaghlach atá ina gcónaí i gcóiríocht atá dírithe go sonrach ar an Lucht Siúil i gCathair na Gaillimhe.

Scrúdaítear sa tuarascáil an mbeadh sé indéanta múnla struchtúrtha maidir le rannpháirtíocht na dtionóntaí a chur i bhfeidhm sa ngrúpthithíocht i mBóithrín na Saoirse atá dírithe go sonrach ar an Lucht Siúil. Déantar iniúchadh ann ar chreataí rialachais agus ar mheicníochtaí rialachais a bhaineann le rannpháirtíocht tionóntaí agus le bainistiú eastát, baintear úsáid as cur chuige atá bunaithe ar chearta agus as ionchur ó pháirtithe leasmhara, ó chreataí beartais agus ó chreataí dea‑chleachtais.

Beidh spéis ag pearsanra na n-údarás áitiúil, eagraíochtaí an Lucht Siúil, cleachtóirí tithíochta, lucht déanta beartas, oibrithe pobail agus taighdeoirí sa tuarascáil. 

Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe a choimisiúnaigh an tuarascáil agus d'ullmhaigh an tOllamh Padraic Kenna, Ollscoil na Gaillimhe í, i gcomhar le Cecilia Forrestal, Éascaitheoir Pobail agus iar-Chomhordaitheoir ar Chearta an Duine leis an Líonra Gníomhaíochta Pobail agus tá ábhar ann freisin ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae Uíbh Fhailí agus Grúpa um Lucht Siúil agus Daoine Socraithe Bhiorra, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhlacht Ceadaithe Tithíochta CENA. Is de bharr Chiste na gCuntas Díomhaoin de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ab fhéidir an taighde a dhéanamh.

Bhí an méid seo le rá ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, "Is céim thábhachtach é an tuarascáil seo chun rannpháirtíocht na dtionóntaí a neartú sa gcóiríocht don Lucht Siúil. Tá an rannpháirtíocht fhiúntach leis na tionóntaí ríthábhachtach chun a chinntiú go mbíonn guthanna an Lucht Siúil lárnach agus cinntí á nglacadh a imríonn tiochar ar a n-áiteanna cónaithe agus ar a bpobail agus chun tacú le go mbeidh na heastáit tithíochta inbhuanaithe, agus á mbainistiú go maith."

Dúirt an tOllamh Pádraic Kenna, Ollscoil na Gaillimhe, faoin bhfoilseachán, "Leagann an staidéar féidearthachta béim ar na buntáistí a d'fhéadfadh teacht as na tionóntaí a bheith rannpháirteach ar bhealach struchtúrtha sa nGrupthithíocht atá dírithe go sonrach ar an Lucht Siúil. Léiríonn sé an chaoi a bhféadann cur chuige comhoibríoch, a bhíonn bunaithe ar chearta an duine agus ar dhea-rialachas, cuidiú le torthaí dearfacha a bhaint amach do thionóntaí agus do na húdaráis áitiúla araon."

Agus bhí an méid seo le rá ag an Uasal Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chur chuige nuálach agus rannpháirtíocht a fhiosrú i dtaca leis an gcóiríocht don Lucht Siúil. Tugtar seo eolas tábhachtach atá bunaithe ar fhianaise dúinn sa tuarascáil seo, chun bonn eolais a chur, go háitiúil agus go náisiúnta, faoi bheartas agus faoi cleachtais sa todhchaí.

Chuir Martin Whelan, Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Tithíochta, fáilte roimh sheoladh na tuarascála, agus dúirt sé, "Tá áthas ar an nGníomhaireacht Tithíochta a bheith ag oibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an imeacht foghlama seo, a thugann deis thábhachtach d'údaráis áitiúla eispéiris a roinnt agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí praiticiúla chun rannpháirtíocht na dtionóntaí a neartú taobh istigh de na seirbhísí cóiríochta don Lucht Siúil ar fud na tíre."

Tar éis an tseolta, reachtaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Tithíochta, imeacht foghlama leathlae dar teideal, "Rannpháirtíocht na dTionóntaí a Neartú sa gCóiríocht don Lucht Siúil: An Fhoghlaim Chomhroinnte do na hÚdaráis Áitiúla’’. Thug an t-imeacht foghlama seo pearsanra na n-údarás áitiúil ó gach cearn den tír le chéile chun:

  • Príomhthorthaí agus moltaí na tuarascála féidearthachta a mheas
  • An taithí phraiticiúil atá acu ar thionscnaimh ina mbíonn tionóntaí rannpháirtíochta a roinnt
  • Breathnú ar na deiseanna atá ann leis na creataí rannpháirtíochta a neartú sna seirbhísí cóiríochta don Lucht Siúil

Bhí an ócáid á éascú ag Cecilia Forrestal, Comhairleoir agus iar-Chomhordaitheoir um Chearta an Duine leis an Líonra Gníomhaíochta Pobail.

Bhain an tUasal Salters Sterling, iar-Chathaoirleach an Ghrúpa um Lucht Siúil agus Daoine Socraithe Bhiorra, leas as os cionn 30 bliain de thaithí ar bheith ag plé le tionóntaí as teaghlaigh de chuid an Lucht Siúil, agus déanfaidh sé cur síos ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar an obair seo ó bheith ag plé i dtús ama le hábhair imní a bhí ag tionóntaí aonair go dtí go rabhthas ag tacú le cur chuige bainistithe eastáit níos leithne. 

Chomh maith leis sin thug Deirdre O'Regan ó Chomhairle Cathrach Chorcaí aitheasc don lucht freastail, ina roinnfidh sí na tuiscintí a tháinig ó thionscnaimh rannpháirtíochta éagsúla a bhí ar siúl le teaghlaigh de chuid an Lucht Siúil.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe den tuairim go gcuidíonn an obair seo go mór le cur chuige comhoibríoch agus rannpháirteach a fhorbairt mar a bhaineann leis an gcóiríocht don Lucht Siúil agus ó thaobh a bhfuil foghlamtha a bheith á roinnt idir na húdaráis áitiúla.

Tá an tionscnamh seo á cur ar fáil i gcomhpháirt leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an nGhíomhaireacht Tithíochta agus é mar aidhm aige go mbeadh plé níos fiúntaí agus níos struchtúrtha le tionóntaí de chuid an Lucht Siúil sa gcóiríocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil.

 Tá an tuarascáil ar fáil ó www.GalwayCity.ie