Cruinníonn ceannairí áitiúla le chéile in Éirinn agus éilítear bearta a neartódh ról na réigiún muirí maidir le hacmhainn iomaíochta na hEorpa.

Panel at conference

Tháinig Coimisiún Choiste Eorpach na Réigiún (CoR) maidir leis an mBeartas Eacnamaíochta (ECON) le chéile an 6 agus 7 Deireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar an ról lárnach atá ag réigiúin na hEorpa maidir leis an acmhainn iomaíochta agus seasmhachta a neartú nuair atá cúrsaí eacnamaíochta an domhain faoi athrú, le béim ar an tábhacht atá le gnóthais, infheistíocht agus nuálaíocht áitiúil a chothú an tráth céanna a ndírítear ar sho-athraitheacht i gcúrsaí tráchtála agus athrú ar shlabhraí soláthair ar fud an domhain.

Ag cruinniú agus chomhdháil dhá lá, arna riar ag Jimmy McClearn, Comhalta de Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tugadh le chéile ceannairí réigiúnacha, lucht ceaptha beartais, daoine den lucht léinn agus saineolaithe nuálaíochta chun cíoradh a dhéanamh ar na modhanna inar féidir le réigiúin bonn treise a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta le hinfheistíocht, trádáil agus cúnamh taca do ghnóthais áitiúla. I gcomhthéacs na Gaillimhe agus Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh, bhí béim sa phlé ar an ról atá le gnólachtaí de chuid an réigiúin féin maidir le postanna ardscile a chruthú agus réimsí eacnamaíochta réigiúnacha a cheangal le margaí ar fud an domhain.

Bhí béim ag rannpháirtithe ar an acmhainn leanúnach iomaíochta i réigiúin le cósta in Iarthar na hÉireann agus i réigiúin de chuid na hEorpa lena mbaineann tréithe tíreolaíochta agus eacnamaíochta de na cineálacha céanna trí fhónamh d’fhorás gnó, don nuálaíocht agus don táirgiúlacht. Tráth a bhfuil so-athraitheacht gnóthaí eacnamaíochta ar fud an domhain le sárú ag an Margadh Aonair, leag rannpháirtithe béim ar luaineacht cúrsaí trádála, ar an athrú atá faoi shlabhraí soláthair ar fud an domhain agus ar thoradh na ndeacrachtaí sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna réigiúin. Léiríodh tábhacht le simpliú ar ghnóthaí rialála agus le maolú ar an ualach riaracháin mar ghnéithe leasaithe ar mhaithe leis an acmhainn iomaíochta. 

Le linn an chruinnithe, d’aontaigh comhaltaí ECON dréacht-tuairim faoi Straitéis Thionsclaíocht Mhuirí an AE, arna dhréachtú ag an rapóirtéir Adam Banazak (PL/EA), Comhairleoir Chontae Inowrocław, léiriú ar an tábhacht ó thaobh straitéise atá le réigiúin tionsclaíochta le cósta maidir le hacmhainn iomaíochta, inmharthanachta agus buanseasmhachta na hEorpa. Sa dréacht-tuairim, éilíonn ceannairí áitiúla agus réigiúnacha cur chuige atá bunaithe níos tréine ar an áit i ndáil le Straitéis Thionsclaíocht Mhuirí an AE a chur i bhfeidhm, le haird ar na deacrachtaí agus na deiseanna faoi leith a bhíonn roimh na réigiúin atá le cósta, oileánda, forimeallach agus ina réigiúin thionsclaíochta mhuirí. Leagadh béim ar an ngá atá le teacht níos áisiúla ar mhaoiniú airgid agus le húsáid níos minice as páirtnéireacht phoiblí phríobháideach d’fhonn infheistíocht a spreagadh. Díríodh aird freisin ar an tábhacht atá le bonn treise faoi nua-chóiriú, dícharbónú agus digitiú maidir le longchlóis, chomh maith lena chinntiú go mbíonn fuinneamh glan ar fáil ar chostas incheannaithe."

Mar chuid den chruinniú agus den chomhdháil dhá lá, tugadh cuairt ar Champas Nuálaíochta BIA, mol mór nuálaíochta agus fiontraíochta i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Tá sé leagtha amach sa chaoi is go gcothaítear gnólachtaí bia agus dí – ó luath-thráth a dtionscanta go mbíonn méadú á chur ar scála cuideachtaí – le háiseanna, saineolas agus bearta taca gnó.

I rith an chruinnithe freisin 

I rith an chruinnithe, d’aontaigh comhaltaí ECON dréacht-tuairim faoi Ghníomh na Sliseanna 2.0, arna dhréachtú ag an rapóirtéir Thomas Schmidt (DE/EPP), Comhalta de chuid Landtag na Sacsaine, ag fáiltiú roimh Ghníomh na Sliseanna 2.0 atá bunaithe níos mó ar na réigiúin trí lipéad sárfheabhais a chruthú do réigiúin Eorpacha leathsheoltóirí agus a éileamh go gceanglaítear an lipéad sin le leasa praiticiúla intomhaiste. Leagadh béim ar an ngá brostú le gnáis riaracháin agus cúnamh Stáit agus treisiú leis an slabhra fiúntais iomlán i ndáil le leathsheoltóirí. Éilíodh freisin buiséad leathsheoltóirí faoi leith a bheith i gceist leis an gcéad bhuiséad AE eile agus cur chuige níos forbheartaí maidir le spleáchas straitéiseach a mhaolú agus soláthar buntábhachta a chinntiú.

Bhí an chéad mhalartú smaointe ag comhaltaí ECON freisin faoin dréacht-tuairim maidir leis an nGníomh um Fhorbairt Néalríomhaireachta agus IS, arna dhréachtú ag an rapóirtéir René Jansen (NL/EA), Seanóir Bhardas Dongen.

Ábhar athluaite 

Alberto Cirio (IT/EPP), Cathaoirleach Choimisiún ECON agus Uachtarán Piedmont: “Tá spás thar a bheith fiúntach curtha ar fáil anseo dúinn i nGaillimh chun deis a thabhairt machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an Eoraip iomaíochas réigiúnach, teacht aniar agus fás inbhuanaithe a neartú. Gabhaim buíochas ó chroí lenár n-óstaigh anseo in Éirinn agus leis na rannpháirtithe as a gcion tairbhe, trínar leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le nuálaíocht, neart eacnamaíoch áitiúil agus comhar ar fud Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh.”

An Comhairleoir Helen Ogbu,, Mhéara Chathair na Gallimhe “Is mór an phribhléid dúinn é go mbeidh an cruinniú tábhachtach Eorpach seo á óstáil i nGaillimh. “Is iad geilleagair láidre áitiúla bunchloch an iomaíochais réigiúnaigh inbhuanaithe, agus léiríonn plé an lae inniu an chaoi ar féidir le comhoibriú, nuálaíocht agus infheistíocht cabhrú le réigiúin ar fud na hEorpa teacht aniar a chothú, deiseanna a chruthú agus rath fadtéarmach a bhaint amach dá bpobail.”

An Comhairleoir Jimmy McClearn (IE/EPP), Comhalta de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe “Tá ríméad orm an 10ú cruinniú agus chomhdháil Sheachtrach de chuid Choimisiún ECON a óstáil i nGaillimh, a thabharfaidh deis an nuálaíocht, an fhiontraíocht agus an uaillmhian a chuireann borradh faoinár réigiún a chur i láthair. Léiríonn Gaillimh agus Iarthar na hÉireann an chaoi ar féidir le gnólachtaí áitiúla láidre, a fhaigheann tacaíocht ó infheistíocht agus comhoibriú, cur le hiomaíochas agus athléimneacht na hEorpa, agus le hinbhuanaitheacht amach anseo."

Michael Murphy, Teachta, Dáil Éireann: “Ní hé go bhfuil easpa uaillmhéine, smaointe ná fiontraithe i réigiúin na hEorpa. Is é an dúshlán atá ann a chinntiú go bhféadfaí gnólacht rathúil atá ag méadú a dhéanamh de ghnólacht nuathionscanta a bhfuil gealladh faoi, agus nach gceapfaidh lucht an ghnólachta sin go bhfuil gá dóibh bogadh go dtí príomhchathair mhór nó chuig mórionad eacnamaíoch chun é sin a bhaint amach.

Ciallaíonn sé sin nár mhór na dálaí cearta a chruthú go háitiúil — is é sin go mbeadh fáil ar scileanna agus ar dhaoine cumasacha, go mbeadh an bonneagar, cúrsaí airgeadais, tacaíochtaí nuálaíochta i gceart agus, rud atá ríthábhachtach, go mbeadh cinntí pleanála agus infheistíochta níos sciobtha agus níos intuartha.

Léiríonn an taithí atá againn anseo in Éirinn an luach a bhaineann le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí fiontraíochta, institiúidí ardoideachais agus tionscal a thabhairt le chéile. Má éiríonn linn an t-éiceachóras sin a bheith i gceart againn, beidh gnólachtaí réigiúnacha ábalta méadú sa chaoi is go mbeidh siad ar scála idirnáisiúnta, poist ardcháilíochta a chruthú go háitiúil agus a chinntiú go roinnfear an fás eacnamaíoch ar bhealach níos cothroime ar fud réigiún na tíre.”

Cúlra 

  • Féach físeán den chruinniú anseo. 
  • D’aontaigh an Coimisiún Eorpach an 4 Márta an Straitéis Tionsclaíochta Muirí d’fhonn cur leis an acmhainn iomaíochta, nuálaíochta agus ceannródaíochta teicneolaíochta i dtionscail déantúsaíochta muirí agus loingis na hEorpa. Leagtar aisling amach sa Straitéis chomh maith le bearta cinnte chun treisiú le neamhspleáchas tionsclaíochta na hEorpa agus le cinnteacht trádála agus eacnamaíochta an tráth céanna a gcuirtear bonn daingean faoi aistriú glan agus faoi aistriú digiteach na hearnála.
  • Tá d’aidhm leis an nGníomh um Shliseanna 2.0, arna chur faoi bhráid ag an gCoimisiún Eorpach an 3 Meitheamh, go dtreiseofaí le tionscal leathsheoltóirí na hEorpa agus go ndéanfaí spleáchas straitéiseach a mhaolú, borradh a chur faoin éileamh ar shliseanna agus cuidiú le dearadh agus táirgeadh shliseanna ardréime agus príomhshrutha san AE.

Related news