Cruinniú Comhpháirtithe Eorpacha an Tionscadail NEBA: Malartú Geel 15 - 17 Meitheamh 2026

neba

Thaistil comhaltaí foirne ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go Geel sa mBeilg an 15 Meitheamh seo caite, mar chuid dár dtionscadal Bauhaus Academy (NEBA) Eorpach nua atá á mhaoiniú ag Interreg. Bhí páirtithe leasmhara áitiúla ó Ollscoil na Gaillimhe agus ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), in éineacht le foireann Rannóg na hAiltireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, chomh maith le beirt mhac léinn iarchéime spásphleanála.

Thug an malartú sa mBeilg comhpháirtithe tionscadail agus a gcomhpháirtithe leasmhara ó Ghaillimh, Geel (an Bheilg), Panevezys (an Liotuáin), Turin (an Iodáil), Elverum (an Iorua) agus Stara Zagora (an Bhulgáir), le chéile chun foghlaim faoin mbealach a bhfuil foireann Geel ag neadú luachanna NEBA, Álainn, Inbhuanaithe agus le Chéile, ina gcuid oibre pleanála agus ar fud na cathrach níos leithne.

Aithnítear Geel ina "cathair chomhbhách" mar gheall ar a cur chuige uathúil i leith cúram meabhairshláinte, traidisiún a théann siar chomh fada le finscéal Naomh Damhnait, naomhphátrún gairmithe meabhairshláinte agus iad siúd a raibh deacrachtaí meabhairshláinte á mbraith acu, Banphrionsa Éireannach a bhí inti a theith go Geel chun éalú ó chiapadh a hathar.

Tá aitheantas tugtha ag UNESCO do thraidisiún fada cúram sláinte teaghlaigh Geel a théann siar na céadta bliain mar gheall ar a hoidhreacht chultúir dobhraite. Thug an grúpa cuairt ar OPZ Geel, ionad cúraim shíciatraigh atá i gcroílár an traidisiúin seo, tráth a ndéanann teaghlaigh áitiúla óstach ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu mar chuid dá gcúram. Thug an chuairt léargas do na toscairí ar an mbealach a bhfuil féiniúlacht Geel múnlaithe ag an tsamhail phobalbhunaithe seo mar "chathair chomhbhách" agus a leanann le heolas a chur ar fáil dá cur chuige i leith dearadh uirbeach cuimsitheach. Bhí an cuimsiú sofheicthe sa mbealach ina gcaitear leis na daoine atá ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí meabhairshláinte, mar dhaoine a bhaineann go hiomlán leis an bpobal a bhfuil meas orthu seachas iad a bheith deighilte amach ón bpobal.

Thug na toscairí cuairt ar roinnt tionscadal oidhreachta agus athnuachana atá ar siúl ar fud na cathrach, lena n-áirítear aistriú iar-mhuileann plúir Bloemmolens go hionad imeachta De Bloemfabriek, le lochtaí cónaitheacha beartaithe don túrmhuileann, agus athfhorbairt iar- Brasserie De Krümmel mar spás pobail. Fuair siad eolas freisin faoi Innovatiecampus Geel atá ag teacht chun cinn, a thabharfaidh oideachas, taighde agus fiontraíocht le chéile. Is léiriú praiticiúil atá i ngach aon cheann acu de luachanna NEBA sa bpleanáil chathrach laethúil. 

Chuir Geel clabhsúr leis an gcéad bhabhta de mhalartuithe oideachais NEBA, agus is i nGaillimh a rinneadh an t-óstach mí Deireadh Fómhair seo caite. Níos deireanaí i mbliana, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe óstach ar fhoirne tionscadail aonair atá ag iarraidh iniúchadh i bhfad níos grinne a dhéanamh ar thionscadail shonracha agus ar oibreacha.

Léigh léirmheas Interreg Europe ar an gcuairt staidéir anseo.