Cruinniú na Comhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúil 8 Iúil, Aula Maxima, Ollscoil na Gaillimhe

Busy street with Irish flags

Tháinig Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (SCPÁ) le chéile an 8 Iúil 2026 san Aula Maxima in Ollscoil na Gaillimhe, ag leanúint lena cuid oibre chun sábháilteacht an phobail a neartú trí chomhoibriú comhordaithe, ilghníomhaireachta.

Príomhthorthaí

Miontuairiscí Ceadaithe: Cheadaigh na comhaltaí na miontuairiscí ón gcruinniú deiridh.

Comhaltaí Nua: Chuir an Chomhpháirtíocht fáilte roimh bheirt ionadaithe nua: 

  • John Gill, Príomhoifigeach Oibríochta, Ollscoil na Gaillimhe
  • Eamon Loughrey, Stiúrthóir Seirbhísí, Corlann

Cuireann ceapadh na beirte seo le saineolas an SCPÁ maidir le cúrsaí ardoideachais, forbartha pobail agus comhordaithe seirbhíse.

Dearbhuithe: Níor taifeadadh aon dearbhuithe leasa.

Nithe atá tagtha chun cinn

  • An Fhoireann Idir-Rannach Beidh cruinniú den fhoireann idir-rannach ar tagraíodh roimhe seo di i mí Aibreáin nuair a bhí cúrsaí sábháilteachta bóthair le cur ar aghaidh chuig an ngrúpa seo sa sceideal do mhí Mheán Fómhair.
  • Cláir Fógraí Pobail: Táthar i mbun cláir fógraí a cheannach faoi láthair don Taobh Thiar, don Rinn Mhór agus do Chnoc na Cathrach. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil nuair a bheidh siad curtha suas agus in úsáid.
  • Nithe Eile a tugadh ar aird: D’iarr na Feisirí go gcuirfí roinnt saincheisteanna faoi bhráid na foirne idir-rannaí, lena n-áirítear:
    • Ceisteanna a bhaineann le ceamaraí soilse dearga
    • Imní faoi shoilsiú sráide geimhridh ar Bhóithrín an Chabáiste
    • Imeachtaí breise sábháilteachta le haghaidh scútair/rothair leictreacha nó feachtas sábháilteachta poiblí, físeán ilghníomhaireachta san fhómhar b’fhéidir
    • Eilimint sábháilteachta a áireamh ar maidir le scútair/rothair leictreacha laistigh den Tionscadal Tarrthála
    • Go gcuirfí cuireadh chuig an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) freastal ar chruinniú amach anseo

 

Cuir i láthair ó Pháirtithe Leasmhara

Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc FSS

Thug Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc FSS cur i láthair mionsonraithe inar leagadh amach na príomhthacaíochtaí, an chomhairle agus na gníomhartha straitéiseacha atá ag teacht le tosaíochtaí SCPÁ. Áiríodh an méid seo a leanas sa phlé:

  • Idirghabhálacha géarchéime agus an luach atá le tacaíochtaí pobalbhunaithe
  • An tábhacht a bhaineann le spórt agus gníomhaíocht choirp i gcur chun cinn na meabhairshláinte
  • Moladh mataí beorach a fhorbairt i dtreo fhéinmharú a chosc
  • Geofhál Aip Galway Safe don abhainn a thabhairt i gcrích
  • Meabhraíodh “go bhfuil beart beag in ann difear ollmhór a dhéanamh - meangadh gáire a dhéanamh le duine mar shampla.”

Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe (GRCC)

Rinne GRCC cur i láthair inar raibh cur síos ar na seirbhísí go léir agus na cláir oiliúna a chuireann siad ar fáil, agus tarraingíodh an méid seo a leanas ar aird:

  • 25 comhairleoir, 5,000 coinne, agus 350 cliant gach bliain
  • Oibriú an Aonaid Cóireála Ionsaithe Gnéis (SATU)
  • Soláthar tionlacan Garda agus cúirte, agus go dtógann sé 3-4 bliana go minic cásanna a éisteacht ag an triail
  • Oiliúint nochta agus oiliúint toilithe á gcur ar fáil i mbunscoileanna, oíche eolais do thuismitheoirí san áireamh

An tEolas is Déanaí ón gComhordaitheoir

Thuairiscigh an Comhordaitheoir go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar fud struchtúir CSPÁ Chathair na Gaillimhe, agus thug ar aird an méid seo a leanas:

  • Tá Fochoistí do Ghnó, Oideachas, Óige, Grúpa Stiúrtha an Phlean Sábháilteachta Pobail agus Sábháilteacht Uisce gníomhach anois
  • Beidh na comhairliúcháin phoiblí don Phlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil ar siúl i mí Mheán Fómhair, agus seolfar iad nuair a bheidh an Straitéis Náisiúnta foilsithe
  • Tugadh an-mholadh do na clinicí oiliúna agus sábháilteachta a bhí ar siúl le déanaí sa Bhaile Bán, i mBóthar na Trá agus ar an bhFaiche Mhór ag baint úsáid as an uirlis mharcála réadmhaoine
  • Beidh an mholtóireacht don Bhratach Chorcra ar siúl i mí Iúil
  • Táthar ag leanúint leis an bpleanáil don Galway Together Expo don Tionscadal Tarrthála

An tEolas is Déanaí ó na Foghrúpaí

  • An Óige agus Oideachas: Foghrúpa nuabhunaithe agus táthar ag déanamh dul chun cinn ar na pleananna oibre tosaigh.
  • Sábháilteacht Uisce: Lorg, agus fuair, an foghrúpa cead ón gComhpháirtíocht tacú le hiarratas Claddagh Watch ar dheontas CCTV Pobail le haghaidh ceamaraí íomháithe theirmigh ar mhaithe le sábháilteacht abhann.
  • An Foghrúpa Gnó: Ardaíodh saincheisteanna lena n-áirítear codladh amuigh, imní ag Timpeallán Brown, agus tugadh ar aird go mbeidh Lá Náisiúnta um Chosc ar Bhá ar siúl an 25 Iúil.

Pleanáil chun Cinn

Threisigh CSPÁ arís go bhfuil sé tiomanta do chinnteoireacht chomhoibríoch, phobal-lárnach, rud atá ag teacht leis an mbéim a cuireadh i dtuairisc mhí Aibreáin “go bhfuil leibhéal an chomhair ar fud na ngníomhaireachtaí ag neartú ár gcumais freagairt do riachtanais an phobail.”

I measc na nithe a mbeifear ag tabhairt tús áite dóibh:

  • Pleanáil ilghníomhaireachta don fhómhar le haghaidh sábháilteacht ar scútair/rothair leictreacha
  • Leanúint den Phlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a fhorbairt
  • Ullmhúcháin do mhórimeachtaí lena n-áirítear an Tionscadal Tarrthála agus an Galway Together Expo
  • Lá Domhanda um Chosc ar Bhá – 24 Iúil 
  • Comhairliúcháin Phoiblí faoin bPlean Sábháilteachta Pobail – 7, 8 agus 9 Meán Fómhair, ionaid agus amanna le deimhniú
  • Cruinniú Dúnta den CSPÁ -11:00am, Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, Ollscoil na Gaillimhe. Is riachtanas reachtúil é an cruinniú seo do gach duine d'ionadaithe tofa Thoghcheantar Chathair na Gaillimhe.
  • Cruinniú Poiblí den CSPÁ – 11:00am, Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair, Staid Dexcom. Is riachtanas reachtúil é an cruinniú seo freisin agus tugann sé deis don Chomhpháirtíocht Sábháilteachta an pobal a chur ar an eolas faoin obair atá déanta agus pleanáilte agus teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an bpobal maidir leis an bPlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil.