Cruinniú na nÓg – 6 Meitheamh 2026

Cruinniú na nÓg 2026

Cruinniú na nÓg – 6 Meitheamh 2026

Is i bPáirc an Athar de Búrca in Iarthar Chathair na Gaillimhe a bheidh Cruinniú na nÓg na bliana seo ar siúl. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí, do chleachtóirí cruthaitheacha agus do ghrúpaí óige tionscadail agus tionscnaimh chruthaitheacha a chur isteach atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga idir 0-18 mbliana d’aois a gcuirfear clabhsúr orthu ar an 6 Meitheamh le taispeántas, taibhiú nó seóthaispeántas i bPáirc an Athar de Búrca.  D’fhéadfadh roinnt gnéithe a bheith ar siúl i gcomharsanachtaí áitiúla roimh an Lá Náisiúnta (e.g. ceardlanna nó cleachtaí), ach ba cheart an ghníomhaíocht a thabhairt i gcrích Dé Sathairn, an 6 Meitheamh 2026. 

Beidh deontais idir €500 agus €3,000 i gceist. 

Dáta deiridh d’iarratais: Dé Máirt, 7 Aibreán 2026 ag 4pm. 


Cuir tús le d’iarratas anseo