Curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an Liosta de Nuachtáin atá Ceadaithe chun Fógraí Pleanála a Fhoilsiú

Irish officer and council at Irish SPC meeting
  • An chéad údarás áitiúil in Éirinn a bhfuil na nuachtáin Tuairisc.ie agus An Páipéar curtha lena liosta acu chun Fógraí Pleanála a fhoilsiú

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil na foilseacháin Ghaeilge Tuairisc agus An Páipéar curtha aici le liosta na soláthraithe ceadaithe a fhoilsíonn fógraí pleanála reachtúla. Léiríonn an nuashonrú sin ar an liosta tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge chomh maith le borradh a chur faoin bhfáil atá ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Mhol an Fochoiste um Beartas Straitéiseach Corparáideach don Ghaeilge d’aon ghuth gur cheart Tuairisc agus An Páipéar a chur ar an liosta sin. Chinntigh an moladh sin, a rinneadh ag cruinniú an 3 Márta 2025, go ndéanfaí soláthraithe ceadaithe den dá fhoilseachán. 

Ghlac an Roinn Pleanála leis an moladh agus cuireadh Tuairsic.ie agus An Páipéar leis an liosta d’fhoilseacháin cheadaithe a gceadaítear dóibh fógraí pleanála do Chathair na Gaillimhe a fhoilsiú.

Tá liosta iomlán cothrom le dáta d’fhoilseacháin cheadaithe le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe https://www.galwaycity.ie/services/planning-and-building/planning-application-process.

Ag Tabhairt Tacaíocht do Mheáin na Gaeilge agus do Rochtain Phoiblí

Nuair a dúnadh Foinse, arb ionann a díolachán agus os cionn 10,000 cóip tráth, bhí an rogha fógraí pleanála a chló i nGaeilge imithe os cionn deich mbliana. Ach tá borradh nua tagtha faoi mheáin na Gaeilge sa lá atá inniu. Tá fáil anois ar ardáin ar líne ar nós Tuairisc.ie agus nuachtáin sheachtainiúla chlóite ar nós An Páipéar, chomh maith le forlíontaí Gaeilge i nuachtáin mhóra náisiúnta. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta seirbhísí a chur ar fáil dóibhsean a bhainfidh úsáid astu, agus is céim bheag é seo i dtreo an polasaí sin a chomhlionadh. De réir thaighde Ireland Thinks, Fáilte Ireland agus Gaillimh le Gaeilge, ba mhaith le 80% de mhuintir na Gaillimhe tuilleadh deiseanna a bheith acu an Ghaeilge a úsáid, fíric ar tharraing an Fochcoiste aird air. Chun freastal ar an éileamh seo, is cuidiú a bheidh ann cur leis na roghanna foilseacháin atá ann d'fhógraí pleanála. Cuirfidh sé le feiceálacht na teanga agus leis méid seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthraítear chomh maith. 

Ag Teacht le Dualgais Teanga

Tá an cinneadh seo ag teacht leis na príomhghealltanais atá luaite sa 4ú Scéim Teanga 2019–2023. Faoin scéim seo leagtar béim láidir ar sholáthar réamhghníomhaíoch seirbhísí i nGaeilge, chomh maith le feiceálacht na teanga a fheabhsú. Tríd an gcinneadh seo, tugtar aitheantas freisin do Ghaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Tá 30% de thalamh na cathrach sa Ghaeltacht.

Deireadh a chur le Constaicí ar Rannpháirtíocht

San am atá caite, níorbh fhéidir fógraí pleanála a fhoilsiú ach i nuachtáin a raibh os cionn 30,000 léitheoir acu. Cuireadh cosc ar fhoilseacháin Ghaeilge mar gheall ar an riail seo, rud a chuir le mionlú na teanga sa riarachán poiblí. Mhol an Fochoiste mar sin gur cheart díolúine ón riail seo a thabhairt do ar a laghad foilseachán Gaeilge amháin a bhí aitheanta cheana ag an gCoimisinéir Teanga

Rannpháirtíocht an Phobail a Neartú

Trí Tuairisc.ie agus An Páipéar a chur ar an liosta ceadaithe, tá súil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

  • Go mbeadh fáil níos forleithne ag pobail a labhraíonn Gaeilge ar eolas pleanála
  • Go ndéanfar cearta agus feiceálacht teanga a neartú
  • Go dtabharfar tacaíocht d’iriseoireacht bhríomhar i nGaeilge
  • Go ndéanfar seirbhísí pleanála a ailíniú le gealltanais níos  leithne maidir leis an bpolasaí Gaeilge

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas chun iarratas pleanála a dhéanamh nó chun an liosta iomlán d’fhoilseacháin cheadaithe a fheiceáil, téigh chuig:
https://www.galwaycity.ie/services/planning-and-building/planning-application-process