Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go nglacfar le hiarratais do Ghradaim Bhliantúla an Mhéara 2026 ar Dé Luain 16 Feabhra. Beidh searmanas na bliana seo ar siúl Dé Céadaoin 29 Aibreán, mar aitheantas ar bhliain eile den scoth d’obair dheonach. Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an tionchar suntasach a bhíonn ag daoine ar leith, pobail agus grúpaí deonacha ar fud Chathair na Gaillimhe.
Deir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard “Mar Mhéara, molaim gach duine ar leith, an pobal agus na grúpaí deonacha sin a a rinne éacht agus a chur an dua orth féin ina gcuid oibre deonacha a ainmniú. Is iad na hoibrithe deonacha croílár na cathrach, agus fágann an méid luachmhar a dhéanann siad tionchar buan ar shaol go leor daoine.
Má tá duine, nó grúpa ann ar fiú aitheantas a thabhairt dóibh as a gcuid iarrachtaí, ainmnigh iad le do thóil. Ar seo, an triú bliain is fiche de na Gradaim, táim ag súil go mór le haitheantas a thabhairt do na daoine ar leith, an pobal agus na grúpaí deonacha iontacha seo a spreagann a ndíograis agus a bpaisean muid go léir.”
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhios a bheith ag gach oibrí deonach go bhfuil a gcuid oibre déanta acu agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh as a luach bunúsach dár sochaí, rud a chabhraíonn le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh ainmniúcháin do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht dheonach sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas:
- Gradam Ealaíon, Cultúir, Oidhreachta agus Cúrsaí Gaeilge
- Gradam do Chónaitheoirí agus do Cheantair Áitiúla
- Gradam na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta
- Gradam d'Oibrí Deonach Saoránach Sinsearach na Bliana
- Gradam Inbhuanaitheachta Comhshaoil
- Gradam d'Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
- Gradam Tacaíochta Leanaí agus Óige
- Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana
- Gradam d'Oibrí Deonach na Bliana Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Más mian leat duine aonair nó grúpa a ainmniú d’aon cheann de na catagóirí gradaim seo, is féidir leat foirm ainmniúcháin ar líne a chomhlánú ag https://forms.office.com/e/ZKz2J4E539. Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil freisin ó Halla na Cathrach agus ó Leabharlanna na Cathrach.
Is é 4pm Dé hAoine, 6 Márta 2026 an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán ar líne.
Bronnfar bronntanas cuimhneacháin agus sparánacht €500 ar na buaiteoirí lena n-úsáid i dtreo a gcuid oibre deonaí. Bronnfar Teastas Méara atá deartha go haonarach ag Searmanas na nGradam ar gach ainmnithe a bheidh ar siúl Dé Céadaoin 29 Aibreán 2026 in Galmont Hotel, Lough Atalia Road, Galway.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradaim an Mhéara, seol ríomhphost chuig mayorsawards@galwaycity.ie nó cuir glaoch ar 091 536 358 / 091 536 311.