Chroch Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu, brat an Aontais Eorpaigh le hais bhrat na hÉireann ag Halla na Cathrach an 1 Iúil 2026 le comóradh a dhéanamh ar thús a bheith le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Ag labhairt di ar an ócáid, deir Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu:
“Inniu agus brat an Aontais Eorpaigh á chrochadh againn ag Halla na Cathrach, tá comóradh á dhéanamh ar thús le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus athdheimhniú ar ionad na Gaillimhe mar chuid de phobal na hEorpa. Tá Cathair na Gaillimhe ag tnúth le tairbhe a dhéanamh, ó thaobh tuairimíochta, taithí agus aidhmeanna, maidir leis an dícheall iomlán treisiú le daoine agus dreamanna ar fud na hEorpa.”
Tugann an Uachtaránacht deis do dhaoine ar fud na hÉireann dul i ngleic le cúrsaí na hEorpa agus dlús a chur leis an gceangal le páirtnéirí san AE. Cuideoidh tionscnaimh de leithéid Chlár Cúplála Contaetha na hUachtaránachta le rannpháirtíocht phoiblí a chinntiú go forleathan i rith thréimhse na hUachtaránachta.
Treiseoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an gceangal leis an Eoraip trí chúpláil an chontae le stát na hEastóine. Idir mí Iúil agus mí na Nollag 2026, beidh clár imeachtaí ar siúl a chothóidh ceangal níos dlúithe idir an tAontas Eorpach agus na saoránaigh le haird ar an tábhacht atá leis agus an tionchar a bhíonn aige ar ghnáthshaol an duine.
Tugann an Uachtaránacht deis freisin do Chathair na Gaillimhe dlús breise a chur leis an gcomhar a dhéantar le páirtnéirí san Eoraip, cion tairbhe a dhéanamh maidir le deacrachtaí a shárú atá romhainn araon agus deiseanna nua a chruthú a théann chun leasa phobal na háite.