Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú le grúpa nua pobail ‘Bailte Slachtmhara an Bhaile Bháin’ chun an timpeallacht áitiúil a fheabhsú agus chun cónaitheoirí a ghríosadh ar fud an Bhaile Bháin le bheith páirteach go rialta i bhfeachtais ghlantacháin. Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Rannóg Timpeallachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.
Beidh an grúpa nuabhunaithe ag díriú ar bhruscar a bhailiú gach Aoine agus Satharn.
Cuideoidh grúpa tiomnaithe WhatsApp leis an bpobal áiteacha ina mbíonn go leor bruscair agus ina dtarlaíonn dumpáil mídhleathach a aithint agus comhordú a dhéanamh ar ócáidí le bualadh le chéile. Tacóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le hobair an ghrúpa agus cuirfidh sí soláthairtí ar fáil do na feachtais ghlantacháin.
Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, ‘Is deis iontach é seo chun cur leis an obair den scoth atá ar siúl cheana féin ar an mBaile Bán agus sna ceantair máguaird. Tá spiorad iontach i measc an phobail anseo agus tá fíorbhród le brath i measc na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu sa gceantar. Níl aon amhras orm ach go mbeidh daoine sásta tacú ina sluaite leis an tionscnamh seo.”
Is éard a dúirt Donal Lynch, duine de mhuintir na háite agus ceannasaí pobail, “Is deis iontach é seo do dhaoine a bheith bródúil as a gceantar agus a chinntiú gur áit álainn é an Baile Bán le cónaí ann ó leac an dorais againn féin agus ar fud an cheantair”.
Cuireann an tionscnamh seo go díreach le hobair feabhsúcháin eile atá déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le gairid chun dul i ngleic le bruscar agus dumpáil mídhleathach i mBaile Comharsanachta an Bhaile Bháin agus tá sé mar aidhm aige cur leis an gceantar do rannpháirtíocht pobail. Ar bhonn náisiúnta, tá páirt glactha ag na céadta míle duine i dtionscnaimh áitiúla de gach uile shaghas le caoga bliain anuas trína gcuid grúpaí áitiúla Bailte Slachtmhara.
Tá tuarascáil 2026 Ghnólachtaí na hÉireann i gcoinne Bruscair (IBAL) le foilsiú go luath agus is léargas an chomhpháirtíocht idir an Comhairle agus grúpa na mBailte Slachtmhara ar chomh tiomanta agus atá siad tacú leis an bpobal ar an mBaile Bán ina gcuid oibre in aghaidh an bhruscair agus na dumpála mídhleathaí. Tá comhghaol idir an cur chuige sin agus staidéir a léirigh go laghdaítear ar bhruscar in áiteanna a choinnítear i riocht slachtmhar ar bhonn leanúnach.
Bunaíodh an grúpa nua Bailte Slachtmhara i ndiaidh ceardlann a reáchtáladh le gairid chun go gcuirfeadh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara sa bpobal áitiúil bealaigh i dtoll chéile chun stop a chur le bruscar agus le dumpáil mhídhleathach in áiteanna ar leith i gcaitheamh bliana. Tá obair faoi lán seoil cheana féin chun gairdín teaghlaigh céadfaí ionchuimsitheach a dhéanamh as áit ina mbíodh dumpáil mhídhleathach ag tarlú go minic. Déanfar sin trí chlár níos leithne gníomhartha, cigireacht ar sheirbhísí bailithe bruscair tís, CCTV in áiteacha ina ndéantar go leor dumpála, pointí seiceála ar chomhlachtaí bailithe bruscair a bhíonn ag feidhmiú go mídhleathach agus soilsiú agus línte amhairc feabhsaithe ina measc.
Dúirt Leas Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Alan Cheevers go bhfuil an-dóchas aige don tionscadal agus luaigh sé go bhfuil an grúpa seo bunaithe ar thionscnamh Bailte Slachtmhara Dhabhach Uisce. Is éard a dúirt an Comhairleoir Cheevers: “Is sampla an rath a chonaic muid ar an tionscnamh i nDabhach Uisce ar an méid is féidir a chur i gcrích anseo. Tá mé ar bís an pobal ar an mBaile Bán a fheiceáil ag glacadh seilbhe ar a dtimpeallacht féin. Trí chur leis an múnla sin atá cruthaithe, is féidir linn áit níos glaine agus níos bríomhaire a dhéanamh den Bhaile Bán do chách.”
Tá an grúpa Bailte Slactmhara an Bhaile Bháin sa tóir ar oibrithe deonacha nua agus tá fáilte roimh chách a bheith páirteach. Chun suim a léiriú ní gá ach téacs a sheoladh chuig Mol Pobail an Bhaile Bháin ar an uimhir 0871994360.