Ardmholadh ar an bhFéile Inspioráidí Aeráide, ar bronnadh gradam ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ina leith cheana, tar éis cúig lá de chainteanna, de cheol, de cheardlanna agus de thaispeántais, agus d’imeachtaí pobail ar fud Chathair na Gaillimhe.
Ghlac na mílte páirt i ngnéithe de chlár na féile a tharraing grúpaí pobail, ealaíontóirí, ceoltóirí, saineolaithe faoi chúrsaí aeráide, lucht oideachais agus saoránaigh le chéile i mbun plé ar bhearta tairbheacha praiticiúla i ndáil leis an athrú aeráide.
Áirítear ar na buaicphointí, comhrá speisialta leis an iar-Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn agus Ruairí McKiernan, cainteanna spreagúla le Harrison Gardner, John Gibbons agus Róisín Murphy, ceolchoirm bhríomhar le Jiggy, imeachtaí idirghníomhaíochta pobail de leithéid Oíche Scéalaíochta Giob Geab agus an Climate Cocktail Club, chomh maith leis an NZEB Retrofit Rig ag a raibh deis ag daoine seifteanna feabhsúcháin agus aisfheistiúcháin maidir le cúrsaí fuinnimh sa teach cónaithe a scrúdú ar bhealach praiticiúil.
Mhol an Clr Helen Ogbu, Méara Chathair na Gaillimhe, a sheol féile na bliana seo, an dea-thoradh:
“Is léir saintréithe breátha na Gaillimhe ar an bhféile Inspioráidí Aeráide – an chruthaitheacht, an pobal agus an nuálaíocht á dtabhairt le chéile d’fhonn gníomh a spreagadh. B’iontach an rud an méid spéise a chuir an pobal i ngnéithe uile an chláir agus oiread daoine, as gach aoisghrúpa, a fheiceáil ag cruinniú le chéile i mbun foghlama, ag cur ag gcuid tuairimí i láthair agus ag scrúdú seifteanna éagsúla ar mhaithe le breis inmharthanachta sa saol atá romhainn.”
Tá curtha le réimse agus le tionchar na féile, agus tairbhe á bhaint as gradam Féile na Bliana a bhuachan le gairid ag Gradaim Chomhlachas Tráchtála na hÉireann don Sárfheabhas i mbun Rialtais Áitiúil. Tá de chuspóir leis an bhféile beartaíocht i leith na haeráide a bheith furasta, spéisiúil agus ina ábhar dóchais mar gheall ar imeachtaí cultúir, scéalaíochta, ceoil agus pobail.
I mbliana don chéad uair, fáiltíonn an fhéile roimh an gcomhpháirtíocht le Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe atá maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá Geilleagar Oíche tacú le clár leathnaithe amach d’imeachtaí tráthnóna agus déanach san oíche trasna na cathrach a éascú.
Míle buíochas le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an fhéile tríd an tionscnamh Gaillimh – Cathair Chiorclach’ agus le Rannóg Pobail na Comhairle as an mhaoiniú faoin LCDC. Chomh maith leis sin, míle buíochas le Comhairle Chontae na Gaillimhe, leis an City Bin Company agus le hIonad Saorálaithe na Gaillimhe.
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas ó chroí a chur in iúl do pháirtnéirí na féile, don lucht eagair, do na cainteoirí, oirfidigh, oibrithe deonacha, grúpaí poiblí, ionaid, urraitheoirí agus don uile dhuine a tháinig i láthair as ucht an leas iontach a rinne a gcuid rannpháirtíochta agus spéise d’fhéile na bliana seo.
Ba mhaith leis an gComhairle freisin an obair a rinne an Mheitheal Beartaíochta i leith na hAeráide agus eagraíochtaí agus daoine eile a chuir a gcuid ama, saineolais agus cruthaitheacht chun tairbhe ar mhaithe leis an bhféile, a thréaslú leo.
Tar éis féile eile den rath, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tnúth le hoibriú le dreamanna pobail ar fud na cathrach d’fhonn fónamh don inmharthanacht agus don tseasmhacht agus don aird ar chúrsaí aeráide sa saol atá romhainn.