Deontas CAIRDE 2027 - Seisiúin Eolais faoin Deontas

Galway City

 

Glacfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le hiarratais ar líne ón Luan an 5 Deireadh Fómhair le haghaidh Deontas Gníomhaíochta Pobail, Cuimsithe, Athnuachana, Forbartha agus Comhshaoil (CAIRDE) 2027

Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil tríd an deontas seo do ghrúpaí pobail, deonacha, spóirt, fiontair shóisialta agus comhlachais gnó chun tionscadail a chur i gcrích a chuirfidh feabhas ar shaol na bpobal áitiúil agus ar chaighdeán na beatha.

 

Cé atá in ann cur isteach air?

  • Grúpaí pobail, deonacha agus spóirt, fiontair shóisialta agus comhlachais ghnó atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe.
  • Níl daoine aonair, eagraíochtaí san earnáil phoiblí ná eagraíochtaí trádála le haghaidh brabúis incháilithe.

 

Critéir cháilitheachta

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith ag obair i gCathair na Gaillimhe 

  • Ní mór cuntas bainc/cuntas comhair creidmheasa a bheith ag an iarratasóir in ainm an ghrúpa/na heagraíochta

 

Cén sórt tionscadal a mhaoineofar?

  • Tionscnaimh forbartha pobail, tionscnaimh chultúir agus tionscnaimh ina gcuirtear an Ghaeilge chun cinn 
  • Athghiniúint spásanna poiblí agus áiseanna áitiúla 
  • Tionscadail lena gcuirtear cuimsiú agus inrochtaineacht chun cinn
  • Inbhuanaitheacht chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide
  • Forbairt an gheilleagair áitiúil agus na turasóireachta

 

Cá mhéad a mhaoinítear? Beidh méid an deontais ag brath ar chatagóir an tionscadail. Tacaíonn an ciste le réimse leathan tionscadal, ó thionscnaimh bheaga pobail go hobair athghiniúna ar scála níos mó.

An Dáta Deiridh d’Iarratais: Ar líne is gá gach iarratas a chur isteach https://submit.link/5ex faoi 12pm Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2026. 

Tá treoirlínte go léir na scéime le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/dheontas-gniomhaiochta-pobail-cuimsiu-athghiniuna-forbairt-comhshaoil-cairde-2026

Seisiúin Eolais faoin Deontas:

Dáta  Ionad  Am
28 Meán Fhómair 

Ar Líne

 7:00pm

 

Chun clárú do cheann do na seisiúin thuas, líon isteach an fhoirm chlárúcháin ar líne https://forms.cloud.microsoft/e/9NGWakdKn0

 

Chun tuilleadh eolais a fháil: 

Déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil:

Oifigeach Ceantar Fón Póca Ríomhphost
Deirdre Keaney Cunningham Iarthar Chathair na Gaillimhe 087 146 5006 deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie
Oliver Lydon Oirthear Chathair na Gaillimhe 087 609 1460 oliver.lydon@galwaycity.ie
Natalie Coen Lár Chathair na Gaillimhe 087 110 3209 natalie.coen@galwaycity.ie