Dhá Ghradam Náisiúnta Mhór le Rá faighte ag Leisureland ó Éire Ghníomhach

Staff and board members of Leisureland in front of the entrance, holding their award

Bronnadh ‘Gradam Náisiúnta Cáilíochta den Scoth 2027’ agus ‘Gradam Tionscadail/Tionscnaimh Inbhuanaithe 2027’ ar Leisureland, príomhionad aclaíochta, fóillíochta agus imeachtaí Chathair na Gaillimhe, ag Gradaim an Chaighdeáin Náisiúnta Cáilíochta a bhí ar siúl ​​Dé hAoine, an 6 Samhain 2026, sa Johnstown Estate i gContae na Mí.

Is áis spóirt, aclaíochta agus imeachtaí ilúsáide atá faoi úinéireacht phoiblí é Leisureland, atá lonnaithe i mBóthar na Trá. Is le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an áis, agus is é Galway Salthill Fáilte CLG a bhíonn ina bhun.

Le 25 bliain anuas, is iad Gradaim an Chaighdeáin Náisiúnta Cáilíochta na haon ghradaim tionscal-sonraithe san earnáil fóillíochta, sláinte agus folláine in Éirinn. Tá na gradaim, a eagraíonn Éire Ghníomhach, i measc na ngradam is mó a bhfuil tóir orthu agus is mó a bhfuil meas orthu sa tionscal, ag tabhairt aitheantas don sármhaitheas ar fud trí leibhéal gnóthachtála agus ag ceiliúradh na hoibre den scoth atá á déanamh ag eagraíochtaí san earnáil. 

Is cloch mhíle mhór é an dá ghradam a bhaint amach ar an stáitse náisiúnta do Leisureland agus léiríonn sé dúthracht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe na caighdeáin is airde den sármhaitheas oibríochtúil, taithí custaiméirí agus inbhuanaitheacht a bhaint amach i bpríomháis fóillíochta na Gaillimhe.

Aithníonn an dá ghradam sármhaitheas in oibriú na háise agus a ndúthracht don inbhuanaitheacht araon:

  • Aithníonn an Gradam Náisiúnta Cáilíochta na caighdeáin is airde i mbun rannpháirtíochta le custaiméirí, acmhainní daonna, sábháilteacht agus sláinteachas laistigh den áis fóillíochta. 

  • Tugann an gradam Tionscadal/Tionscnamh Inbhuanaithe na Bliana, aitheantas do thiomantas láidir Leisureland don inbhuanaitheacht, trí thionscadail agus tionscnaimh nuálacha a chur i gcrích. Thug an gradam deis chun aird a tharraingt ar na céimeanna móra atá á nglacadh chun an tionchar ar an timpeallacht a laghdú, feidhmíocht inbhuanaitheachta a fheabhsú, agus cleachtais níos inbhuanaithe a thabhairt isteach in oibriú na saoráide, anois agus amach anseo.

Dúirt Ian Brennan, Bainisteoir Leisureland: “Táimid thar a bheith mórtasach as na héachtaí náisiúnta atá bainte amach ag Leisureland. Is iontach an t-éacht é an gradam Tionscadal/Tionscnamh Inbhuanaithe na Bliana a fháil, go háirithe ós rud é go raibh muid san iomaíocht le gach saoráid áineasa in Éirinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann ar fad Leisureland, a chuidigh chomh mór sin linn na gradaim seo a bhaint amach. Gabhaim buíochas freisin le foireann Fuinnimh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a chabhraigh le straitéisí agus tionscadail a fhorbairt chun saoráid inbhuanaithe a dhéanamh de Leisureland. Táimid ag súil le todhchaí mhór gheal.”

Dúirt an Comhairleoir Peter Keane, Cathaoirleach ar Galway/Salthill Fáilte Company Limited, an comhlacht a reáchtálann Leisureland an méid seo a leanas: 

“Thar ceann an Bhoird, tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil an Gradam Náisiúnta Cáilíochta den Scoth agus an Gradam don Tionscadal/Tionscnamh Inbhuanaithe bronnta ag Éire Ghníomhach ar Leisureland. Is iontach an t-éacht é aitheantas náisiúnta a bhaint amach maidir don cháilíocht agus don inbhuanaitheacht araon. Tá an Bord thar a bheith mórtasach as an éacht seo, agus as an ról atá fós ag Leisureland chun tacú le sláinte, folláine agus cáilíocht bheatha mhuintir an cheantair. Déanann muid comhghairdeas leis an bhfoireann ar fad as an aitheantas seo atá tuillte go maith acu."

Grianghraif, ó chlé go deas – Emmet Grehan (LL), Laura Hynes (Bord CCG), James Diskin (LL), an Comhairleoir Niall McNelis (Bord), an Comhairleoir Peter Keane (Cathaoirleach an Bhoird), Ian Brennan (Bainisteoir Saoráidí CCG), Tom O’Connor (Bord), Hannah Flaherty (LL), Sally-Ann O’ Brien (Bord CCG).