Dúnadh Bóthair – Bóthar San Séamas, An Baile Bán

A preview of the Ballybane Road and Castlepark Road Active Travel Scheme

Beidh Bóthar San Séamas idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Acomhal Ard Radharc na Bá dúnta ó ó 7:00a.m. Dé Céadaoin an 18 Feabhra go dtí 5:00pm Dé hAoine an 20 Feabhra.  

Beidh an dúnadh seo i bhfeidhm 24 uair an chloig in aghaidh an lae le linn na n-amanna seo chun tabhairt faoi oibreacha ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin.   Tá comharthaí thuas cheana faoin atreorú a bheidh i gceist sula gcuirtear tús leis an obair, agus beidh comharthaí atreoraithe i bhfeidhm le linn na n-oibreacha.  

Beidh bealach atreoraithe le comharthaí air i bhfeidhm, trí Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín agus Bóthar Mhichíl Uí Choileáin.

Déanfar seirbhís 405 Bhus Éireann a atreorú trí Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín le linn thréimhse an dúnta seo agus athlonnófar stadanna bus.  Déanfar suíomhanna na stadanna sin a chur in iúl le comharthaíocht shealadach.

Beidh teacht ag cónaitheoirí agus ag ghnólachtaí ar Bhóthar San Séamas trí Bhóthar Mhichíl Uí Choileáin.   Beidh teacht go háitiúil ag siúlóirí, ag daoine a bhfuil deiseanna acu a bhfuil rothaí orthu agus ag rothaithe an t-am ar fad ar Bhóthar San Séamas.   

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le húsáideoirí bóthair as a gcomhoibriú fad is atá na hoibreacha ar siúl.

 

 

A map showing the diversion routes during the closure of St. James' Road.  Vehicular access will be available via Walter Macken Road, and localised pedestrian and cyclist access will be maintained on St. James' Road

Related news