DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Sráid Dhoiminic Uachtarach

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Sráid Dhoiminic Uachtarach: Ó Shráid Liam Thiar go Bóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach.

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 9 Feabhra go Dé hAoine an 27 Feabhra 2026.

An chúis: Chun Uasghrádú Práinneach a dhéanamh ar an mBonneagar Uisce.

Bealaí Atreoraithe: Beidh malairt slí i bhfeidhm trí Bhóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach, Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Ascaill an Athar Uí Ghríofa agus Sráid Liam Thiar.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 
12.00pm Déardaoin an 22 Eanáir 2026.