TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Bóthar San Séamas: Ó Bhóthar an Bhaile Bháin go dtí Acomhal Ard Radharc na Bá.
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ón 18 Feabhra go dtí an 20 Feabhra 2026.
An Chúis: Oibreacha Taistil Ghníomhaigh a éascú feadh Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar San Séamas, Bóthar Mhichíl Uí Choileáin agus Bóthar Uaitéir Uí Mhaicín.
Document
Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.