DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - An tSráid Thrasna Uachtarach

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir leis: 

An tSráid Thrasna Uachtarach: Ó Acomhal Shráid an Droichid/Shráid na Lombardach go hAcomhal na Sráide Airde/Shráid na Céibhe. 

An Tréimhse Dúnta:    24/7 ó Dé Luain an 30 Márta 2026 go Dé hAoine an 8 Bealtaine 2026. 

An Chúis: Chun Aonad Uathoibríoch Mullaird a shuiteáil agus na hoibreacha gaolmhara go léir a dhéanamh. 

Bealaí Atreoraithe:    Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Shráid na Lombardach, Sráid an Mhargaidh, Sráid an Gheata Bhig, Sráid Mhuire, Sráid Eglinton, Sráid Liam, Sráid na Siopaí agus an tSráid Ard.

Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.

Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair. 

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, i rith na ngnáthuaireanta oibre, ó 9:00am go 4:00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae Déardaoin an 19 Márta 2026.