DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Bóthar Pháirc an Chaisleáin

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Bóthar Pháirc an Chaisleáin: Ó Acomhal Bhóthar Mhuine Mheá go hAcomhal Bhóthar an Bhaile Bháin.

An Tréimhse Dúnta: Ó 09.30AM an 6 Aibreán go 16.30PM an 24 Aibreán 2026

An Chúis: Oibreacha athdhromchlaithe feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bóthar Mhuine Mheá.

Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 
12.00pm Déardaoin 26 Márta 2026