TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Bóithrín na Sliogán: Ón acomhal ag Páirc Phailmíre go dtí an t-acomhal ag Plás Naomh Eoin / An Chraein Bheag.
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6 Aibreán 2026 go dtí Dé hAoine an 10 Aibreán 2026.
An Chúis: Chun dromchla nua a chur ar an mbóthar nuair a bheidh an príomhphíobán uisce curtha síos.
Bealaí Atreoraithe: Is é an bealach atreoraithe a bheidh i gceist ó Ascaill Phailmíre ná trí Páirc Phailmíre, an Corrán, Bóthar na Mara, Sráid Liam Thiar, Sráid Anraí agus Ascaill Iósaif.
Is é an bealach atreoraithe a bheidh i gceist ón gCorrán ná trí Bhóthar Naomh Muire, Sráid San Eiléan, Sráid Anraí agus Ascaill Iósaif.
Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.