DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Bóthar an Bhaile Bháin

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Bóthar an Bhaile Bháin: Ó Acomhal Bhóthar Mhuine Mheá go hAcomhal Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.

 An Tréimhse Dúnta: Ó 09.30am go 16.00pm ón 20 Aibreán go dtí an 18 Bealtaine 2026.

 An Chúis: Oibreacha athdhromchlaithe feadh Bhóthar an Bhaile Bháin

 Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí

  • Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) anuas Bóthar Pháirc an Chaisleáin go Bóthar an Bhaile Bháin,
  • Bóthar Mhuine Mheá (Thoir) go Bóthar Mhuine Mheá (Thiar),
  • Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bóthar Mhichíl Uí Choileáin, Ascaill Uí Chonghaile, Bóthar an tSeoighigh, Bóthar Thuama, Bóthar na dTreabh.

Beidh bealach áitiúil rochtana agus bealach rochtana do choisithe agus ag rothaithe an t-am ar fad.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.