TUGTAR LEIS SEO FÓGRA go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an síneadh atá ag:-
An tSráid Thrasna Uachtarach: Ó Acomhal Shráid an Droichid/Shráid na Lombardach go hAcomhal na Sráide Airde/Shráid na Céibhe.
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 30 Márta 2026 go Dé hAoine an 22 Bealtaine 2026.
An Chúis: Chun Aonad Uathoibríoch Mullaird a shuiteáil agus na hoibreacha gaolmhara go léir a dhéanamh.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Shráid na Lombardach, Sráid an Mhargaidh, Sráid an Gheata Bhig, Sráid Mhuire, Sráid Eglinton, Sráid Liam, Sráid na Siopaí agus an tSráid Ard.
Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.
Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.