TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Bóthar Mhuine Mheá: Stráicí ar leith ar an taobh thoir agus ar an taobh thiar d’Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin
An Tréimhse Dúnta: (1) An stráice ar an taobh thiar d’Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin - ón 18 Bealtaine go dtí an 19 Bealtaine 2026 ó 9am go 4pm
(2) An stráice ar an taobh thoir d’Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin - ón 20 Bealtaine go dtí an 21 Bealtaine 2026 ó 9am go 4pm
An Chúis: Chun obair athdhromchlaithe a dhéanamh feadh Bhóthar Mhuine Mheá agus ag Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin
Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht malairt slí ar (1) thuas trí Bhóthar an Bhaile Bháin; Bóthar San Séamas; Bóthar Mhichíl Uí Choileáin; Ascaill Uí Chonghaile; Bóthar Thuama; agus Bóthar na dTreabh. Cuirfear an trácht ar (2) thuas trí Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bóthar Pháirc an Chaisleáin.
Beidh bealach áitiúil rochtana agus bealach rochtana do choisithe agus ag rothaithe an t-am ar fad.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.