DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Sráid Dhoiminic Uachtarach

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Sráid Dhoiminic Uachtarach: Ón gcúinne ag Tigh Monroe go dtí an áit a dtagann Sráid Anraí agus Bóthar na Mara le chéile.

An Tréimhse Dúnta:    Ón 1.00pm Dé Sathairn an 6 Meitheamh go dtí 2.00am Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh 2026.

An Chúis: Ceolchoirm mar chuid d’Fhéile Ceoil Tíre na Gaillimhe. (Moladh atá anseo go ndúnfaí Sráid Dhoiminic Uachtarach níos túisce ná mar a bhí beartaithe, is é sin ag an 1pm seachas ag an 3pm an 6 Meitheamh, chun éascaíocht a dhéanamh ar Fhéile Ceoil Tíre na Gaillimhe) Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Dé Máirt 2 Bealtaine.