DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Sráid Dhoiminic Uachtarach

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Sráid Dhoiminic Uachtarach: Ó Shráid Liam Thiar go Bóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach.

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 9 Feabhra go Dé hAoine an 27 Feabhra 2026.

An chúis: Chun Uasghrádú Práinneach a dhéanamh ar an mBonneagar Uisce.

Bealaí Atreoraithe: Beidh malairt slí i bhfeidhm trí Bhóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach, Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Ascaill an Athar Uí Ghríofa agus Sráid Liam Thiar.

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.