DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Plás Naomh Antaine

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Plás Naomh Antaine: Ó Shráid San Proinsias go Barr an Chalaidh

An Tréimhse Dúnta:  24/7 ó Dé Luain an 6 Iúil go Dé Céadaoin an 8 Iúil 2026.

An Chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mBonneagar Uisce. 

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht malairt slí trí Bharr an Chalaidh, Plás Uí Dhálaigh, Sráid San Proinsias agus Ardán na Coiribe      

Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair. 

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Déardaoin 2 Iúil 2026.