TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Bóthar na Toirbhearta agus Sráid an Mhuilinn: Ó Acomhal Bhóthar na Toirbhearta agus Bhóthar an Chaisleáin Nua go hAcomhal Shráid an Mhuilinn le Sráid an Droichid agus Sráid Dhoiminic Íochtarach.
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6 Iúil go Dé hAoine an 21 Lúnasa 2026.
An Chúis: Príomhphíobán uisce a chur síos.
Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Shráid Dhoiminic Íochtarach, Sráid Dhoiminic Uachtarach, Sráid Anraí, Sráid San Eiléan agus Bóthar an Chaisleáin Nua.
Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.