DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Ascaill Mhuire

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Ascaill Mhuire: Ón mBóthar Ard go Bóthar na Trá Íochtarach

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ón 23 Feabhra go dtí an 17 Aibreán 2026.

An Chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mbonneagar uisce.

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí tríd an mBóthar Ard agus Bóthar na Trá Íochtarach.

Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Déardaoin 5 Feabhra 2026.